Mr Bongo Record Club Volume 2 – Ceoltóirí Éagsúla
Cad é seo, go díreach?
Bailiúcháin dos na rianta is mó a bhfuil tóir orthu as an rogha cheoil a bhíonn á casadh ag úinéirí an lipéid Mr Bongo, David Buttle agus Gareth Stephens (thíos), ar a gclár raidió agus i gclubanna mar Jazz Rooms in Brighton Shasana.
Ón uair ar thosnaigh Buttle, Stephens agus baill eile an Mr Bongo Record Club (Graham Luckhurst, Ville Marttile) ag bailiú ceirníní siar sna 90í, táid tar éis mórán seod de rianta aduaine Braisíleacha, Afracacha, dioscó, boogie agus reigé a nochtadh don éisteoir Eorpach.
Anois go bhfuil réimse níos fairsinge ceoil á chasadh sna clubanna ná mar a bhí ó lár na 80í (buíochas do chlubanna mar Plastic People agus dioscmharaigh leithéid Four Tet, Antal na hÍsiltíre agus Floating Points), tá beartaithe ag muintir Mr Bongo roinnt eile dos an rianta anaithnide is luachmhaire leo a roinnt linn.
Tá béim ar fhuaimeanna dioscó agus ceol Braisíleach na sean-ré, go háirithe.
An bhfuil aon mhaith ann?
Bhí deis agam tástáil bhóthair a dhéanamh ar roinnt mhaith dos na rianta seo is mé ag casadh ceirníní ag féilte ceoil le gairid, agus ní raibh aon díomá orm!
Cúis rancáis ar leith ab ea ‘Family Planning’de chuid Kiru Stars – buama ceart de phort ar mire i stíl ‘benga’ na Céinia.
Ó leagan scaoilte Luiz Henrique de ‘Mas Que Nada’ Jorge Ben go func cosmach ‘Ebony Game’de chuid Guy Cuevas Cuba agus afro-boogie iontach tógálach ‘Enjoy Your Life’ le Oby Onyioha na Nigéire, is rianta iad seo a chuireann lúcháir ar an lucht rince.
Tá tógáil fuinnimh i gceist le gaspal-dioscó eipiciúil ‘Awake O Zion’de chuid Elbertina ‘Twinkie’ Clark a chuirfeadh luath-cheol house i gcuimhne duit.
D’fhéadfá an lá ar fad a chaitheamh ag éisteacht le func réidh ‘Jungle Music’ de chuid Kelenkye Band as Gána gan éirí braon de.
Tá go leor ann chun lucht spéise an cheoil Bhraisíligh a shásamh, leis – samba misniúil ‘Obrigado Corcovado’ de chuid Tom & Dito, agus an ‘Samba Maneiro’ iontach de chuid Rosa Maria, ina measc.
Ardú meanman toradh éisteacht le soul-jazz croíúil ‘Ecology’ de chuid Anubis.
Laigí?
An t-aon rud a thagann idir Mr Bongo Club Volume agus lánmharcanna ná dioscó ró-kitsch Elias Rahbani & His Orchestra as Béiriút.
An breithiúnas?
Ní mór téad an sparáin a scaoileadh beagáinín.