Armóin álainn éagsúil

Kamasi Washington – ‘Harmony of Difference’


“My hope is that witnessing the beautiful harmony created by merging different musical melodies will help people realize the beauty in our own differences.” Kamasi Washington

Agus stumpa mar Trump i gceannas ar ‘an ndomhan saor’, agus Lá an Bhrátha ag teannadh linn luath nó mall de dheasca an athraithe aeráide, tá cúiseanna caointe a ndóthain ag duine gan ligean do phíosa ceoil iad a chur ag gol freisin.

Sin a mheasfá, ach caith súil ar ráitis na n-éisteoirí faoi bhun fhíseán an phríomhriain, ‘Truth’, ar mhion-albam úr Kamasi Washington is tuigfidh tú go mbuaileann ceol Washington daoine go láidir.

Tuigim dóibh – is minice mise ag gol le háthas ná le brón, agus uaireanta cuireann glaineacht neamhcoitianta cheoil ag gol mé (go háirithe is é cloiste beo).

An uair dheireanach ab ea ag gig de chuid an tsnagcheoltóra sacsafóin Nat Birchall siar i mí Márta na bliana seo.

Ar nós Birchall, is sacsafónaí é Kamasi Washington i dtraidisiúin spiritual-jazz iar-Coltrane.

Dhá bhliain ó shin scríobh mé go raibh albam début Washington, The Epic, ar cheann dos na saothair shnagcheoil is uaillmhianaí agus is suntasaí le fada an lá.

Fiú i gcomhthéacs an ráitis sin ní raibh súil agam le foirfeacht amhra Harmony of Difference.

Saothar coincheapúil é a bhaineann feidhm as cuntraphointe séiseach chun scrúdú a dhéanamh ar luach na héagsúlachta.

Ní neart go cur le chéile, ambaiste, ach ní gá go mbeimis ar fad mar an gcéanna.

Níl ach sé rian ann, agus an chéad chúig cinn acu – ‘Desire’, ‘Knowledge’, ‘Perspective’, ‘Integrity’ agus ‘Humility’ – ath-shamhlaithe mar aon rian mór eipiciúil, ‘Truth’, mar chlabhsúr spleodrach leis an saothar.

Tá sciúradh pleisiúrtha anama romhat, ach seachain is ná cuir an milleán ormsa má bhíonn tú ag gol go faíoch – tá an stuif seo láidir!

SCÉALTA EILE