‘Arrane ny Killey’ – amhrán Gaelg in ómós Cholm Cille

Tá leagan Manainnise den dán ‘Òran na Cille’ canta ag colúnaí Gaelg NÓS Isla Callister mar chuid den chomóradh atáthar a dhéanamh inniu ar an naomh Gaelach Colm Cille. Rugadh Colm Cille cothrom an lae seo 1,500 bliain ó shin agus ba mhór an lorg a d’fhág sé ar na náisiúin Ghaelacha lena linne agus ar feadh na gcianta ina dhiaidh.

Ba é an file Gàidhlig Marcus Mac an Tuairneir a chum focail an dáin ceithre bliana ó shin, agus chuir an scoláire mór le rá as Manainn Custal y Lewin i nGaelg iad. Is í Isla féin a chuir an ceol leis na liricí Manainnise. Bhí lámh ag cainteoirí Gaeilge as Éirinn, Albain, agus Manainn sa taifeadadh, idir cheoltóirí, léiritheoirí, chumadóirí agus ar ndóigh an t-amhránaí í féin Isla.

Na liricí

Gaelg

Jean shooyl marym,
cass-rooisht harrish famlagh
as claghyn ny traie,
dys kemmyrk yn chladdagh.

Jean shooyl marym,
lesh y thalloo
as bannaght ayns dty chleeau,
lane yn erree as yn Doonaght.

Cur failt er kiuney yn dorrys,
baare-cheyl gys y vullagh.
Shaghyn monney yn donnys,
eddyr boallaghyn my chilley.

Cur cooyl rish cron ny cruinney,
ny cheayrtyn rere yn earish.
Jean ayn arrey ny greiney,
as ee er lhie lesh y neear.

Jean shooyl marym,
harrish taagher nyn gynney
as clashyn dagh kesmad,
currit ayn liorish dagh credjue.

Jean shooyl marym,
voish sonnys Purt ny Hinshey,
dys soccarys ny killey,
lane y cheainid as y chammid.

Gaeilge

Siúil in éindí liom,
cosnochta thar fheamainn
is clocha na trá, go foscadh an chladaigh.

Siúil in éindí liom,
i dtreo na talún,
is beannacht le d’ucht
lán le dán is le spiorad.

Cuir fáilte roimh shuaimhneas an dorais,
barrachaol go dtí an stuaic.
Seachain an drochthuar,
idir ballaí mo chille.

Iompaigh do chúl ar dhochar an domhain,
amanta de réir na haimsire.
Déan faire ar an ngrian ann,
agus í ina luí san iarthar.

Siúil in éindí liom,
thar chosán ár gcine
is claiseanna gach coiscéime
curtha ann le muinín.

Siúil in éindí liom,
ó shonas Phort na hInse,
go suaimhneas na cille,
lán cineáltais agus ciúnais.

SCÉALTA EILE