Beidh oíche cheoil á reáchtáil Dé hAoine 27 Deireadh Fómhair ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain mar chuid d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhéal Feirste. Déanann Daithí Mac Uait, atá ar dhuine de na heagraithe, cur síos ar an fháth ar tugadh Fite Fuaite ar an oíche spleodrach.
Beidh scoth an cheoil áitiúil agus idirnáisiúnta á cheiliúradh i gCumann Cultúrtha Mhic Reachtain an Aoine bheag seo ag an imeacht Fite Fuaite. I measc na gceoltóirí uile, beidh leithéidí Bréag agus Séimí & Terraplen MC a thabharfaidh blaiseadh den cheol Gaeilge agus ceol uathúil de chuid na nAstacach. Ag labhairt dó faoin tallann atá ar taispeáint i mbliana, dúirt Daithí:
“Is léir go bhfuil buíonta ceoil den chéad scoth againn do Fite Fuaite i mbliana. Beidh ceol bríomhar reigé, ska, leictreonach agus hip-hop á léiriú ag beirt de na buíonta ceoil is spreagúla agus is mó clú i mBéal Feirste, mar atá Bréag agus Boss Sound Manifesto. Cluinfidh muid hip-hop de chuid Mheicsiceo fosta ó Séimí & Terraplen MC a bhfuil amhráin acu i nGaeilge, sa Nachuáitlis, agus sa Spáinnis.
“Tá muid ag iarraidh a dhíriú isteach ar cheol nuálach, ar thionscadail cheoil atá ar an imeall nó ar bheo-léirithe atá giota níos radacaí, más maith leat. Ach go príomha, tá muid ag díriú ar cheol bríomhar a spreagann daoine a bheith ag smaoineamh, ag bogadh agus ag damhsa. Leis an oiread seánraí éagsúla a bheas á seinm ag an imeacht, is cinnte gur oíche ‘fite fuaite’ í ach gealltar oíche den chéad scoth leis sin. Ná caill í!”
Déanfaidh an rapálaí aitheanta as Contae Chiarraí, Súil Amháin, agus an léirítheoir nuálach, Robert Mulhern as Gaoth Dobhair, a gcuid saothair nua a chur i láthair beo den chéad uair fosta.
Ní hé seo an t-aon imeacht a dhíreoidh ar an Ghaeilge le linn na féile. Tabharfar solas ar an teanga ó thaobh na scannánaíochta de in From the Quiet Man to the The Quiet Girl, léiriú a amharcfaidh ar An Cailín Ciúin mar chloch mhíle ar aistear scannánaíochta na tíre. Taispeánfar é seo Déardaoin 26 Deireadh Fómhair.
Is féidir clárú le himeachtaí agus clár iomlán na féile a fheiceáil anseo.