Ay! Ó! Coinnigh an grá seo beo!

Tá leagan Gaeilge dá n-amhrán ‘Bear Claws’ eisithe ag an mbanna ceoil Éireannach The Academic mar chuid den togra CEOL 2018. Eiseofar an t-albam iomlán ceoil, a bhfuil ceoltóirí éagsúla le cloisteáil air,  níos deireanaí i mbliana. Tá Conradh na Gaeilge, Raidió Rí Rá agus RTÉ 2FM ag obair as lámha a chéile le blianta beaga anuas leaganacha Gaeilge d’amhráin cháiliúla a sholáthar.

Tá súil ag Conradh na Gaeilge go rachaidh an leagan nua Gaeilge i bhfeidhm “ní hamháin orthu siúd a bhfuil grá acu don Ghaeilge cheana féin” agus go spreagfaidh sé “pobal níos leithne ar fud an domhain” spéis a chur sa teanga. 

Beidh tuilleadh amhrán á n-eisiúint ó CEOL 2018 sna míonna amach romhainn agus beidh cóip den albam á thabhairt do gach dalta iarbhunscoile sa tír nuair a fhillfidh siad ar na scoileanna sa bhfómhar. Scaipfear 350,000 cóip den albam, idir chóipeanna crua agus leaganacha leictreonacha ar na daltaí. 

Cheana féin i mbliana, eisíodh leaganacha Gaeilge de na hamhráin ‘Follow Your Fire’ leis an mbanna ceoil Éireannach Kodaline agus ‘Teenage Dirtbag’ le Wheatus, banna ceoil as Stáit Aontaithe Mheiriceá a bhfuil gaol ag a mbaill leis an tír seo.

 

 

SCÉALTA EILE