‘B’ Chormaic Begley agus Albaim eile na Míosa

Cormac Begley – (Féin-eisithe)

Is iomaí cor agus casadh atá romhat ar an ndara halbam aonair seo de chuid chleasaí chonsairtín na Ríochta.

Tá trí cinn déag de chonsairtíní ag Cormac, ach ar B baineann sé feidhm as an gconsairtín baratóin agus as an ndordchonsairtín amháin chun cruth nua a chur ar roinnt port a bheidh cloiste cheana agat (‘Bean Pháidín’, ‘Máirseáil Uí Néill’, ‘An Buachaill Caol Dubh’), cinn eile nach mbeidh, seans, agus píosa nó dhó a chum sé féin.

Saothar taibhsiúil, neamhghéilliúil a bhfuil idir dhoimhneacht agus spórt ag baint leis.

Ceoltóirí Éagsúla – Studio One Women Vol. 2 (Soul Jazz)

Níos milse na mála macarún, is scoth an cheoil Iamácaigh, idir reigé, ska, rocksteady, aguslovers rock, ó amhránaithe ban na tréimhse 1965-1985 atá romhat ar Studio One Women Vol. 2.

Tá leagan léimneach Jennifer Lara de mhóramhrán The Byrds (a chum Pete Seeger an chéad lá)‘Turn, Turn, Turn’ le clos, maraon l’amhrán sól Tyrone Davis ‘Can I Change My Mind’ rindreáilte mar rocksteady réchúiseach ag Hortense Ellis, ach is iad dá amhrán Nina Soul, ‘Barb Wire’ agus ‘Sleeping Trees’, is mó atá do mo mhealladh ar ais go dtí an bailiúchán gleoite lá i ndiaidh lae.

Just Mustard – Heart Under (Partisan)

Drochlá? Beagáinín crosta ar maidin? Caith seo ar an steiréó, a dhuine, agus scaoil amach do chuid nimhe. 

Ag éisteacht le dara halbam an ghrúpa gruaimcheoil seo as Dún Dealgan mheasfá go mbíonn drochlá acu na haon lá. N’fheadar go díreach cad atá ag déanamh scime dóibh ach ó thaobh speictrim na mothúchán de bogann Heart Under ó anó go huaigneas go buairt gan dul in aon áit níos dearfaí.

Conas atá Heart Under á mholadh agam, mar sin? Bhuel, bíodh is go mbíonn Katie Ball ag cnáimhseáil de shíor tá glór fíneáilte aici a chuireann Alison Shaw ón ngrúpa Cranes i gcuimhne dom. Nuair a cloistear é le hais giotár loiscneach David Noonan agus Mete Kalyoncouglu ar amhráin mar ‘In Shade’ agus ‘I Am You’ is aoibhinn an rud é.

Idrissa Soumaoro & L’Eclipse De L’I.J.A. – Le Tioko-Tioko (Mr Bongo)

Armóiní gutha ó neamh, orgáin chuilitheacha shícideileacha agus giotáir iontach séiseach – trí chúis go bhfuil ‘Le Tioko-Tioko’ ar an albam de cheol Mailíoch is giorra dem’ chroí.

Tá seans liom gur chuala in aon chor é; eisithe i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine sa bhliain 1978 is beag cóip a bhí le fáil go dtí seo (d’íocfá tuairim agus €200 as bun-chóip ar Discogs).

Céad albam é de chuid Mariam Doumbia agus Amadou Bagayoko, dála an scéil, beirt cheoltóirí dhalla a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu le fada mar an ndíséad Afraghormacha Amadou & Mariam.

Ceoltóirí Éagsúla –  Brasil Novo  (Musica Macondo)

Curtha le chéile ag Tim Garcia agus DJ Tahira, bailíonn an bailiúchán iontach seo ocht gcinn de rianta comhaimseartha  Afra-Bhrasaíleach le chéile don té nach bhfuil sé de mhisneach nó d’acmhainn ama aige tabhairt faoi shiopaí ceoil Sao Paulo, Salvador nó Recife.

Seo ceol cóisire na cosmhuintire, é lán d’ilrithimí Afracacha agus dearfacht rúndaingean ciallcheannaithe.

SCÉALTA EILE