Bannaí Ravelóid fógartha!

The Riptide Movement, Kíla, Heathers, Seo Linn, Delorentos, Altan, Hothouse Flowers… is liosta le háireamh é iad na bannaí agus ceoltóirí den scoth atá le seinm ag Ravelóid, an mhórfhéile shamhraidh Ghaeilge a bheas ar siúl i Meitheamh 2016.

Is anocht ag ócáid speisialta i mBarra an Teampaill a fhógróidh an réalta raidió Eoghan McDermott an chéad chuid de chlár na féile, a reáchtálfar ag Caisleán Ard Giolláin atá suite taobh amuigh de Bhaile Brigín i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Bhí daoine fud fad na tíre ag súil go mór le tuilleadh sonraí faoin fhéile ó fógraíodh é níos luaithe i mbliana agus is cinnte go gcuirfidh an clár atá foilsithe go dtí seo faobhar breise ar ghoile ceoil na nGael.

I measc na ngrúpaí eile a rachaidh chun ardáin an samhradh seo chugainn tá The Bonny Men, Bréag, HamsandwicH, Mo Hat Mo Gheansaí, Na Fíréin, Mundy, Rís, Boss Sound Manifesto, Gráinne Holland agus Clann Mhic Ruairí.

Fógrófar tuilleadh ceoltóirí agus ealaíontóirí idir seo agus tús na féile, amhránaithe agus damhsóirí sean-nóis san áireamh, chomh maith le roinnt acu siúd atá ainmnithe ar ghearrliostaí Ghradaim Cheoil NÓS.

raveloid-line-up

“Níl aon amhras ann ach go mbeidh Ravelóid ar an bhféile is spreagúla le teacht ar an bhfód in Éirinn le blianta beaga anuas,” arsa Eoghan McDermott.

“An bhfuil bealach níos fearr ann chun an Ghaeilge agus stair na tíre seo a cheiliúradh ná céilí i lár coille ag 3rn ar maidin, tar éis duit The Riptide Movement, Seo Linn agus neart bannaí eile a fheiceáil beo ar an ardán?!”

Beidh Ravelóid ar an chéad mhórfhéile shamhraidh chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur i lár an aonaigh le meascán spreagúil, spraíúil de cheol, greann, damhsa, litríocht, cainteanna, ceardlanna agus eile geallta.

Táthar ag dréim le 5,000 duine bheith i láthair thar an dá lá den fhéile ag a mbeidh áiseanna iomlána campála mar aon le seastáin bhia, deochanna agus imeachtaí le haghaidh páistí.

Ag iarraidh bheith i measc an spraoi ar fad?

Tá ticéidí don deireadh seachtaine ar díol anois ar €99 ar raveloid.ie – margadh iontach dar linne!

Na Ravelóidithe abú!

SCÉALTA EILE