Beidh deireadh le d’fhoighne sara bhfuil deireadh le Pinned

“You’ve got bad attitude, she’s got bad attitude, he’s got bad attitude”, a chanann Oliver Ackerman ar chúigiú halbam A Place To Bury Strangers, ar nós go bhfuil sé ag cumadh amhrán mar áis foghlamtha do scoláirí atá ag iarraidh a gcuid briathra Béarla a chur de ghlanmheabhair. 

Déanta na fírinne, ní chuirfidh laige liricí Ackerman díomá ar lucht éisteachta APTBS faoin dtráth seo. Bhíodar amhlaidh riamh. Is iad a ndordlínte iar-phunc agus fuaim loiscneach a ngiotár a mheallann duine go ceol an rac-ghrúpa challánaigh seo as cathair Nua-Eabhrac. Fear é Ackerman a bhfuil a chomhlacht troitheáin ghiotáir féin aige, agus léiríonn na stoirmeacha sonacha a mhúsclaíonn sé ar Pinned nach bhfuil aon áiféis ag baint leis na hainmneacha a thugann sé ar a tháirgí, idir “Absolute Destruction“, “Fuzz War” agus “Evil Filter”.

Tús maith le Pinned é ‘Never Coming Back’, machnamh ar chlaontaí féinmharfacha le giotáir thorannacha a chuirfeadh Jesus & Mary Chain i ré ‘Psychocandy’ i gcuimhne duit, iad leagtha anuas ar dhordlíne a tógadh nach mór nóta ar nóta ó ‘Transmission’ le Joy Division. Más ar thóir inspioráide atáir ní mór goid ós na máistrí, agus, fiú más ag baint úsáid as na heilimintí céanna sin atáid, is deacair gan géilleadh don bpléisiúr simplí a sholáthraíonn céadsingil an albaim, ‘Frustrated Operator’. 

Dearbhaíonn ‘Execution’ agus ‘Look Me In The Eye’ nach bhfuil náire ar APTBS taca a bhaint as ceol Suicide, Bauhaus agus Nine Inch Nails nuair a fheileann sé dóibh, leis, ach is sinn ag maireachtaint i saol iar-gach-aon-diail-rud, ina léiríonn cuardach tapa Google nach bhfuil rud ar bith nua faoin spéir, cén mhaith a bheith ag gearán?

Gné nua de cheol APTBS féin, a chuireann go mór le hamhráin mar ‘Situations Change’ agus an singil thuasluaite, í an chodarsnacht idir glór glé Lia Simone Braswell, drumadóir úr an ghrúpa, agus guthaíl shlóchtach Ackerman. 

Is trua é, mar sin, go dtiteann Pinned i laige is tú ag druidim i dtreo dheireadh an tsaothair. Tá fuaim rianta mar ‘Was It Electric’, ‘I Know I’ve Done Bad Things’ agus ‘Keep On Moving’ ró-chaol chun easpa cumais Ackerman mar chumadóir amhrán a cheilt, is beidh deireadh le d’fhoighne sara bhfuil deireadh le Pinned.

Seoid nó dhó le haimsiú anseo dod’ sheinnliosta ceoil indie, mar sin, ach ní éiríonn le Pinned mar shaothar éisteachta ann féin.

SCÉALTA EILE