Den chéad uair riamh beidh Éire san iomaíocht i gComórtas Amhránaíochta Eoraifíse na nÓg, agus is amhrán Gaeilge a dhéanfaidh ionadaíocht ar son na tíre.
Comórtas dírithe ar dhaoine óga idir 10 agus 15 é Eoraifís na nÓg atá ar aon dul leis an Eurovision agus a bheas ar siúl i mbliana sa Bhulgáir ag deireadh mhí na Samhna.
“Tá gliondar an domhain orainn go bhfuil tír ar nós na hÉireann, lena traidisiún láidir sa Chomórtas Amhránaíochta Eoraifíse, chun páirt a ghlacadh in Eoraifís na nÓg,” arsa Vladislav Yakovlev, stiúrthóir an chomórtais óige.
Chun ionadaí na hÉireann a roghnú don Eoraifís seo tá sraith siamsaíochta á reáchtáil ag TG4 ina gceolfaidh amhránaithe óga amhráin nuachumtha Ghaeilge.
Rachaidh buaiteoir na sraithe ar aghaidh chuig an mhór-ardán Eorpach agus táthar ag lorg iarratasóirí don seó i láthair na huaire.
Tá gach eolas agus foirmeacha iarratais le fáil anseo.
Craolfar Eoraifís na nÓg beo ar TG4 agus beidh sé ar an chéad uair ó 1972 – nuair a chan Sandie Jones “Ceol an Ghrá” – go gcloisfear amhrán Gaeilge ar an ardán Eoraifíse.