Uaireanta buailtear aintiún indie-cheoil chughat a chuireann faoi gheasa ar an toirt thú. ‘Smells Like Teen Spirit’ Nirvana, abair. ‘Debaser’ Pixies. ‘I Am The Resurrection’ na Stones Roses.
Tá ar gcuid féin againn ar an oileán seo, gan amhras: ’Teenage Kicks’ na Undertones, ‘Where’s My Jumper’ Sultans Of Ping FC, ‘Alternative Ulster’ le Stiff Little Fingers nó ‘Mandinka’ Sinéad O’ Connor.
An sampla is déanaí, domsa, ná ‘Too Real’ le Fontaines D.C. na hardcathrach.
Cén fáth?
An scread beag sin, ambaiste, a ligeann amhránaí an ghrúpa, Grian Chatten, uaidh díreach sula dtagann ruathar an tarna giotár i do threo. An paisean trodach a bhaineann le cur i láthair an fhir chéanna.
An curfá sin: “Is it too real for yaaaaaaa?!” An tslí a thugann fuaim bholgtha an Swarmatron (sintéiseoir analógach seanré de chuid an fhir fuaime Dan Carey) an rud ar fad le chéile. Fuinneamh tógálach an cheoil agus fileatas na bhfocal.
“None can pull the passion loose from youth’s ungrateful hands.”
Tá tabhacht leis an bhfileatas céanna i gcás Fontaines D.C.. Ba spéis sa litríocht a chruthaigh cairdeas buan idir bhaill an ghrúpa ar an gcéad dul síos. Rannaireacht is ciall le teideal an albaim, Dogrel, ach tá an tarna brí atá leis an bhfocal i gceist chomh maith: ráiméis.
Ar nós saothar litríochta Kavanagh, Behan agus Joyce déanann amhráin Dogrel iontas de ghnáthshaol mhuintir Bhaile Átha Cliath ar bhealach atá go hiomlán iontaofa. Tá taibhsí Oscar Wilde agus Lou Reed le sonrú sa tslí a mhaolaítear dáiríreacht na n-amhrán, in amanna, le greann magúil.
Níl gá le míniú ar línte mar “You Know I love that violence that you get around here/ that kind of ready-steady violence/ that violent “how do you do?”” i ‘Liberty Belle’ má thuigeann tú gur amhrán faoi cheantar Na Saoirsí i mBaile Átha Cliath é, abair.
Amhráin ghlice iar-phunca iad seo ráite go neamh-rómánsúil. Fiú más fíor go bhfuil tionchar The Fall (‘Sha Sha Sha’), Joy Division (‘Hurricane Laughter’) The Cure (‘Television Screen’), surf rock agus garage-rock Meiriceánach na sean-stíle soiléir le clos tá draíocht ar leith ag baint lena leithéid de cheol a chlos ráite go nádúrtha i gcanúint Bhaile Átha Cliath seachas an blas bréag-Mheiriceánach nó bréag-Shasanach a nglacann morán amhránaithe Éireannacha chucu féin nuair a cuirtear mícreafón os a gcomhair.
Déanta na fírinne, tá cosán an indie-cheoil siúlta ag an oiread sin bannaí nach féidir le héinne gan siúl, scaití, i lorg coise an té a d’imigh rompu.
Ar an ábhar sin, go dtí seo mheas mé go mb’fhéidir nach raibh i Fontaines D.C. ach grúpa a eisíonn singilí maithe. Cruthaíonn Dogrel nach amhlaidh atá. Tá 7 gcinn de 11 amhrán an albaim seo eisithe mar shingilí cheana féin acu, ach is ráiteas ann féin é Dogrel faoi dhroch-thionchar na huaillmhéine pearsanta, faoi mhuintearas thar uaisliú uirbeach, faoi shaint, faoi ionracas agus faoi streachailt an ghnáth duine in aghaidh na táimhe.
Ní thiteann na rotha de cheol Fontaines D.C. nuair a thiomáineann siad níos moille ach oiread – ar an singil is déanaí ‘Roy’s Tune’, cuir i gcás, agus ‘Under A Dublin Sky’, bailéad grá searbh-milis i stíl The Pogues a chuireann clabhsúr leis an albam.
Is é Dogrel an saothar indie-cheoil is fearr ó ghrúpa Éireannach atá cloiste agam ó chuaigh mé i mbun pinn ar dtús do NÓS deich mbliana ó shin.
Táid leath-shlí cheana féin, ach beidh boic seo ina réaltaí idirnáisiúnta faoi dheireadh na bliana.
Cas suas é!
Tá Dogrelle fáil anois ar cheirníní Partisan