Beo ‘trí thine’ i gCill Airne


Tine, banna cailíní as Clár Chlainne Mhuiris, Maigh Eo, a thóg leo comórtas Beo na bliana seo ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne san oíche aréir.

Comórtas d’amhráin nua-chumtha é Beo atá dírithe ar dhéagóirí agus atá tar éis dul chun cinn nach beag a dhéanamh le tamall de bhlianta anuas.

Ba iad Caitríona Ní Shúilleabháin agus Pádraig Ó Sé a bhí i suíocháin na moltóirí agus stiúir Siobhán Seoighe na himeachtaí go réidh ó thús deireadh.

Cinneadh deacair a bhí le déanamh ag na breithimh thuas luaite ach ba ar amhrán galánta Tine a bronnadh an chéad duais de €2,000, mar aon leis an deis taifeadadh gairmiúil a dhéanamh ar an amhrán do dhlúthdhiosca Ceol 17.

Dhá bhuíon eile as Cúige Chonnacht, Ceoltóirí na Búille as Mainistir na Búille, Ros Comáin agus Sonas as Maigh Eo, a tháinig sa dara agus sa tríú háit faoi seach.

SCÉALTA EILE