Beocht Beirte

Is lánúin cheolmhar iad an fidléir Ciarán Ó Maonaigh agus an seinnteoir consairtín Caitlín Nic Gabhann.

Tá siad ag seinm le chéile le tamall de bhlianta ach i mí Aibreáin seolfar a gcéad albam le chéile.

Labhair NÓS le Caitlín faoina gcuid ceoil agus faoi cad atá siúl acu i láthair na huaire.


NÓS: Beidh d’albam nua le Ciarán Ó Maonaigh ‘Caitlín & Ciarán’ ag teacht amach i mí Aibreáin. Cad lenar féidir linn a bheith ag súil?

CNG: Ceol traidisiúnta breá fuinniúil ar an bhfidil agus ar an gconsairtín, le píosa beag damhsa sa chúlra a spreagfaidh cúpla steip ón lucht éisteachta!

Tá roinnt mhaith fonn Conallach ar an dlúthdhiosca, chomh maith le cúpla tiúin cumtha agam féin.

Tá tionlacan iontach ann ó thriúr cairde linn – Caoimhín Ó Fearghail ón Rinn, Sean Óg Graham as Co. Aontroma agus Jack Talty ón Chláir – agus táimid an-sásta leis an fhuaim.

Táimid á thaifead le bliain anuas, óna thánamar abhaile ó thuras sna Stáit Aontaithe anuraidh, agus táimid ag súil go mór lena eisiúint.

Táim féin fíor-bhródúil as an taifead seo.

NÓS: Cad chuige ar chinn sibh albam a dhéanamh le chéile anois?

CNG: Táimid ag seinm ceol le chéile le 8 nó 9 mbliana anuas, ach níor thosaíomar ag seinm go poiblí le chéile go dtí thart ar dhá bhliain ó shin.

Is breá liom a bheith ag seinm le Ciarán – tá fuinneamh fianta ina chuid ceoil, chomh maith le móthúchán álainn sna foinn mhalla.

Le bliain anuas, táimid ag déanamh gigeanna le chéile in Éirinn agus thar lear.

Tá ag éirí go maith linn só bhí sé ciallmhar albam a chur le chéile le díol ag na ceolchoirmeacha seo.

NÓS: Chuala muid ráfla go mbeidh sibh ag pósadh i mbliana chomh maith?

CNG: Tá sé sin fíor! Bliain mhór dúinn ar go leor bealaí.

ciaran-caitlin-1

NÓS: Tá sibh ar camchuairt faoi láthair i SAM. Inis dúinn faoi sin agus na gigeanna eile atá beartaithe agaibh le linn 2015…

CNG: Bhíomar an-ghnóthach cheana féin i mbliana le ceolchoirmeacha sa Bhriotáin agus anois sna Stáit Aontaithe.

Thug an t-amhranaí agus scríbhneoir-amhráin, Robbie O’Connell, cuireadh dúinn seinm leis i Massachussetts agus i Rhode Island agus tá muid ar stáitsí móra in éineacht le Altan chomh maith! Tá an t-ádh orainn!

Beimid ar ais in Éirinn in am d’Fhéile Pádraig agus an Céilí Mór i mBaile Átha Cliath ar 16 Márta, agus ansin camchuairt eile ar fud na hÉireann i mí Aibreáin agus Bealtaine, le haghaidh sheoladh an albaim.

Níl stop linn ansin mar is ar ais chun na Stát agus na Sléibhte Creagacha a bheas muid i mí an Mheithimh… roinnt míonna gan stad ach táimid ag súil go mór leis!

NÓS: Bhuel is iomaí áit a raibh sibh ag seinm inti ach cad í an cheolchoirm is fearr atá déanta agaibh go dtí seo?

CNG: An Phicnic Leictreach anuraidh.

Bhí Ciarán díreach i ndiaidh theacht ann ó Pháirc an Chrócaigh, áit a raibh an bua ag Tír Chonaill ar na Dubs i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

Chuaigh sé amach ar stáitse le geansaí Thír Chonaill air agus is beag nár réab an áit, bhí atmaisféar agus craic iontach ann!

NÓS: An ceoltóirí lánaimseartha sibh nó an mbíonn rudaí eile ar bun agaibh chomh maith leis an cheol?

CNG: Is ceoltóirí lánaimseartha muid.

Idir ceardlanna, taisteal agus ceolchoirmeacha, táimid gnóthach agus ag baint suilt as… agus tá súil againn go bhfuil an lucht éisteachta ag baint suilt as ár gcuid ceoil chomh maith céanna linne!

caitlin-ciaran-albam

NÓS: Cén chomhairle a bheadh agat do cheoltóirí óga atá ag toiseacht amach i saol an cheoil traidisiúnta?

CNG: Bain taitneamh as beith ag seinnt ceoil le do chuid cairde.

Tá cairde saoil agam féin agus ag Ciarán ó bhíomar an-óg, ó na seisiúin, fleadhanna agus féilte.

Bíonn craic iontach ag na féilte seo, do dhaoine óga ach go háirithe.

Rud eile atá fíor-thábhachtach ná go mbíonn daoine ag seinnt sa bhaile gach lá.

Fág na huirlisí amuigh as na cásanna agus cas port nó dhó gach lá.

I ndáiríre, ní bhíonn ort an glanadh suas a dhéanamh, nó an t-urlár a scuabadh, má tá tú ag cleachtadh do chuid ceoil 😉


Eiseofar an ceirnín úr Caitlín & Ciarán i mí Aibrean.

Is féidir an bheirt acu a leanúint ar Twitter @caitlinciaran agus tá breis eolais le fáil ar caitlin.ie

SCÉALTA EILE