Blaisín de sheandraíocht Turner
le haimsiú in 'Everything You've Come To Expect'!  

Bhí Alex Turner ó na Arctic Monkeys fós ina dhéagóir, é ag maireachtaint in Sheffield, nuair a bhain albam début an ghrúpa, Whatever People Say I Am, That’s What I’m Not, barr na gcairteacha amach siar in 2005.

Ar Everything You’ve Come To Expect, an tarna albam le Turner – agus é ag taifeadadh mar The Last Shadow Puppets i dteannta a chairde Miles Kane (The Rascals), James Ford (Simian Mobile Disco) agus Owen Pallett (Final Fantasy) – is ag éisteacht le milliúnaí atá ag cur faoi in Los Angeles atáimid. Meastar gur fiú €19 milliún Turner.

Gan a bheith ag maíomh a shaibhris ar Turner, tá rud amháin soiléir nuair a chuirtear an dá albam i gcomparáid lena chéile: b’fhearr go mór mar liriceoir an déagóir ciniciúil ná an Turner saibhir.

Ach le bheith macánta faoi, cad eile a dhéanfadh fear 30 bliain d’aois ach cúl a thabhairt le gnáthshaol an déagóra, fiú más foinse a inspioráide é? Athraíonn an saol.

Ar aon nós, agus tú ag éisteacht le hamhráin shotalacha The Last Shadow Puppets ní mheasfá go bhfuil an meath ar a chumas scríbhneoireachta ag déanamh tinnis do Turner agus é ag gabháil thart Hollywood ag déanamh suirí le mainicíní.

“You end all of your messages with an ‘x’ marks the spot / Just let me know when you want your socks knocking off,” a chanann sé ar ‘The Element of Surprise’.

Touché, a Chasanova bhig!

Gníomh a bhí ag tuar achrainn a bhí sa singil breá ‘Bad Habits’ a eisíodh ag tús na bliana, ach den chuid is mó níl le clos ar Everything You’ve Come To Expect ach Turner agus Kane ag déanamh spallaíocht shibhialta le popcheol siansach na 60í.

Amhráin iad seo ar furasta dearmad a dhéanamh orthu, den chuid is mó.

Is cuma go bhfuil gliceas agus aoibhneas ag baint leis na téaduirlisí cóirithe ag Pallett do rianta mar ‘Sweet Dreams’, ‘The Element of Surprise’ agus ‘The Dream Synopsis’, gan bun-amhráin láidre tá an fear bocht ag snámh in aghaidh easa.

Níl sé ina chabhair nach amhránaithe iad Turner agus Kane go n-éistfeá leo ar mhaithe lena mbinneas béil.

Tá blaisíní de sheandraíocht Turner le haimsiú anseo is ansiúd, línte mar “Dirtbag ballet by the bins down the alley / As I walk through the chalet of the shadow of death” (‘Everything You’ve Come To Expect’) nó “Give me all your love so I can fill you up with hate” (‘Used To Be My Girl’) – ach ní leor iad.