Blas na haithrise

Ní inniu ná inné a tháinig deireadh le ré órga an lipéid cheoil 4AD.

Tráth dá raibh, ó lár na 80í isteach sna 90í go háirithe, bhí beagnach gach albam a d’eisigh 4AD ina sheoid chríochnaithe.

Albaim le leithéidí na Cocteau Twins, This Mortal Coil, Pixies, Dead Can Dance, The Breeders, Pale Saints agus Red House Painters.

Albaim nár ghá duit éisteacht leo sa siopa sular leag tú do chuid airgid síos ar an gcuntar mar dhearbhaigh lógó íocónach 4AD ar chlúdach an albaim fiúntas an cheoil laistigh.

Ach in 2007, bheartaigh Ivo Watts Russell (a bhunaigh 4AD i dteannta Peter Kent ag tús na 80idí) an lipéad a dhíol le Simon Halliday.

Tá cosán corrach siúlta ag 4AD ó shin.

Ní fhéadfá a rá go bhfuil rud ar “fuaim 4AD” é ann a thuilleadh.

Más fíor go n-eisíonn 4AD ceol le dealramh fós, ó am go chéile, le haghaidh gach Holly Herndon, The National nó Twin Shadow atá ann, gheobhaidh tú freisin leithéidí Tune-Yards, The Big Pink agus, ahem, Purity Ring.

Cá seasann Methyl Ethel na hAstráile sa chomhluadar úd?

N’fheadar mé.

Déanann Methyl Ethel aithris ar an méid sin grúpaí indie eile ar Oh Inhuman Spectacle, a n-albam début, go measfá nach bhfuil a fhios acu féin cé hiad.

Ceol le grúpa atá buailte ag géarchéim féinaithne atá ann mar sin, á chur amach ar lipéad ceoil a bhfuil a fhéiniúlacht imithe amú air.

Is i gcanúint Lochlannach a chloisimid ceann feadhna an ghrúpa, Jake Webb, ag canadh ar chéad rian an albaim (‘Idée Fixe’).

Ghlacfá leis mar chanúint, fiú ó Astrálach, dá gcloífeadh sé leis an chuid eile den albam.

Ina ionad sin, malartaíonn Webb idir stíl shéimh Alex Scally (Beach House), milseacht mhúchta Win Butler (Arcade Fire) agus stíl an chórbhuachalla sin a shamhlaítear le hamhránaithe mar Noah Lennox (Panda Bear).

An ceol féin?

Tá macallaí de gach rud anseo, ó MGMT go Siouxsie and the Banshees, go Syd Barrett, go Beach House.

Tá ‘Depth Perception’ go mór faoi chomaoin ag an gceol a chum an Badalamenti do ‘Twin Peaks’, agus déantar aithris chumasach ar stíl Animal Collective agus Immortal Orchestra ar ‘Unbalancing Acts’ agus ‘Artificial Limb’, faoi seach.

Fiú muna mbeadh locht agat ar an méid sin, is rófhurasta dearmad ar fhormhór na n-amhrán ar Oh Inhuman Spectacle.

B’fhéidir go gcloisfimis albam maith ó Methyl Ethel lá éigin, ach ní hé seo é.

SCÉALTA EILE