Bliain iontach í 2024 don cheol tíre agus do na gormacha

Is annamh a mhothaíonn saol cheol na hÉireann chomh dóchasach agus a bhraitheann sé i láthair na huaire. Thug 2024 eisiúintí nua agus iontacha dúinn ó roinnt de na ceoltóirí Gaelacha is cumasacha sa lá atá inniu ann. Cé go bhfuil tacaíocht mhór tugtha ag bannaí leithéidí Kneecap agus Fontaines D.C. don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach in 2024, ní hiad na seánraí sin mo réimsí saineolais! 

San achoimre seo, mar sin, déanfaidh mé plé ar eisiúintí ceoil Éireannacha na bliana sna seánraí seo: ceol tíre, anamcheol, agus na gormacha. 

Dermot Kennedy — I’ve told the trees everything (Island)

Óna chlúdach, tá cuma dhorcha ghruama ar cheirnín Dermot Kennedy, I’ve told the trees everything, lán le hatmaisféar a chruthaíonn aonarachas i measc na coillearnaí. 

Tá codarsnacht idir na hamhráin istigh agus an ealaín chlúdaigh áfach. Is traic atmaisféarach é ‘Two Hearts’ a chuireann liricí geimhriúla i gcontrárthacht le tuin lách sólásach. Tá ‘Lessons’ ina amhrán ar leith, ag léiriú cumas hip-hop Kennedy le luas fuinniúil agus díchumadh gutha. 

Méadaíonn ‘Lucky’ ó thús séimh go buaic chumhachtach; marcálann sampláil nuálach óráid imreoir NFL, Jamaal Williams, an t-athrú seo. Críochnaíonn ‘Sunday’ an ceirnín leathfhada le machnamh ar aiféala Kennedy, ach tugann an t-atmaisféar suaimhneach tochtmhar le fios go bhfuil síocháin déanta aige lena uaigneas. 

Hozier — Unheard (Columbia) / Unaired (Columbia)

Is é Hozier an réalta cheoil is gile in Éirinn faoi láthair. Tá deighilt shoiléir le feiceáil sna ceirníní is déanaí ón bhfear as Cill Mhantáin, Unheard agus Unaired. Cuimsíonn siad traiceanna séimhe acústacha agus amhráin phopcheoil chumhachtacha araon. 

Ba é ‘Too Sweet’ an chéad amhrán Hozier a bhain #1 amach ar na cairteacha Meiriceánacha, amhrán thar a bheith somheabhraithe. Roinneann sé a fhuaim shnasta fhuinniúil leis an aintiún frithchogaidh ‘Nobody’s Soldier’ agus scéal dílseachta, ‘Hymn to Virgil’. Bíonn ‘Empire Now’ ag damhsa ar an líne idir an dá ghné, ina chomóradh spreagúil ar neamhspleáchas na hÉireann. 

Tá Hozier thar cionn ar a rianta níos suaimhní freisin. Is suantraí shuaimhneasach é ‘That You Are’ i gcomhar leis an gceoltóir Siriach Bedouine. Feidhmíonn ‘Fare Well’ agus ‘July’ go rímhaith mar ábhar breise sa dá fhorbairt iontacha ar albam 2023 Unreal Unearth. 

James Vincent McMorrow — Wide open, horses (Nettwerk Records)

Is cumasc seánraí é Wide open, horses le James Vincent McMorrow a chruthaíonn cnuasach éagsúil. Mar sin féin, tá na hamhráin aontaithe le foinn shuaimhneacha agus guth suaimhneasach an fhir as Mullach Íde. 

Tosaíonn an t-albam le ‘Never gone’, cuntas a chlúdaíonn nihileachas cráite agus a chríochnaíonn le buaic chatairseach. Baineann ‘Look up!!!’ úsáid as fuaimrian taca leictreonach chun atmaisféar scáfar a chruthú. Freastalaíonn an teidealrian ar liriciúlacht adhfhuafar agus ceol séimh, ag éirí ina amhrán grá agus a mhoillíonn an rithim sa dara leath. 

Úsáideann ‘Day all the lights went out’ íomhánna nádúrtha chun grá dílis a chur in iúl. I measc na mbuaiceanna, tugann an cosmas oíche cúis don cheoltóir maireachtáil in ‘Give up’. Faoi dheireadh, úsáideann ‘Darkest days of winter’ fallás mothaitheach chun ciapadh McMorrow a chur i gcomparáid le tráthnóna fuar in Brooklyn. 

Susan O’Neill — Now in a Minute (Star House Collective)

Bhain Susan O’Neill clú agus cáil amach in éineacht le Mick Flannery ar a n-albam iontach In The Game. Moladh Now In a Minute go hard na spéire an bhliain seo nuair a chuir sí é amach – scrúdú tnúthánach, ach muiníneach, ar staid an duine. 

Tús duairc é ‘Apparitions’ le hatmaisféar dorcha agus ainglí ina ndéanann O’Neill marana ar an saol a bhí aici. Traic séimh é ‘Hail’ faoi rudaí a chur díot lena churfá cumhachtach sula dtéann sé i léig. Tá ‘Drive’ bríomhar, ag léiriú teacht aniar agus uaillmhian. Óid í ‘Lilt’ do bhean ar theith drochíde chun a saol a atógáil. 

Scrúdaíonn ‘Sign of the Times’ éadóchas na sochaí comhaimseartha, agus is machnamh corraitheach ar an óige é ‘Malachi’. Críochnaíonn ‘Give You My All’ an t-albam lena stíl sólásach. 

Zaska — Live at The Triskel (Zaska Music) / No Right Time (Zaska Music)

Cuimsíonn ceol Zaska snagcheol agus anamcheol araon, ag cruthú func sainiúil i saol cheol na hÉireann. Tá dhá eisiúint ag an ngrúpa an bhliain seo – ceirnín beo ón Triskel i gCorcaigh, chomh maith le singil óna n-albam atá le teacht, Nectar.

Léiríonn ‘No Right Time’ sárcheol gutha de chuid Melina Malone agus d’áireoinn é ar cheann de na hamhráin is fearr acu cheana féin. Cuireann úsáid fhlúirseach prásuirlisí buille iontach leis an singil. Buaileann hip-hop le snagcheol ar ‘Play The Game,’ le rapálaí as Corcaigh, jarjarjr, agus tá ‘Feels Good’ dílis dá theideal. Tá guth tochtmhar Shiv ar an amhrán gormacha, ‘Into You’. Cuireann Gemma Dunleavy clabhsúr ar an albam le ‘Do It Again’, ag fiosrú bhrúnna an tsaoil comhaimseartha. 

SCÉALTA EILE