D’eisigh TG Lurgan in Indreabhán agus Urdd Gobaith Cymry (Urdd), eagras óige sa Bhreatain Bheag, físeán nua ceoil inniu ina bhfuil cainteoirí óga Gaeilge agus Breatnaise ag canadh ‘Blinding Lights’ le The Weeknd in a dteanga dhúchais.
Tháinig an dá eagraíocht le chéile i mí Mhárta na bliana seo caite, sular tháinig na horduithe dianghlasála i bhfeidhm in Éirinn agus sa Bhreatain, le tograí Gaeilge/Breatnaise a léiriú ina mbeadh daoine óga as an dá thír Cheilteacha lárnach. Bhí an dream óg as an mBreatain Bheag ceaptha teacht go Cois Fharraige, mar a bhfuil Coláiste Lurgan, an samhradh seo caite le páirt a ghlacadh i gcampa idirnáisiúnta ceoil ach chuir na srianta a tugadh isteach an chaidhp bháis ar an bplean sin.
Níor chaill TG Lurgan agus Urdd a misneach, áfach, agus d’oibrigh siad as lámha a chéile ar líne agus chuir an físeán nua seo le chéile ó chéin.
“Teacht le chéile bunaithe ar chomhoibriú idir aos óg na hÉireann agus na Breataine Bige atá sa togra seo, bunaithe ar a bhfuil i gcoitinne ag an dá eagraíocht – ár dteanga féin agus samhlaíocht an duine óig.
“Creideann muid go bhfuil sé níos tábhachtaí anois ná riamh cheana naisc a chruthú ag an lámh a shíneadh amach dár gcuid cairde timpeall na cruinne agus in ainneoin na ndúshlán atá romhainn, sárófar iad má oibrítear as lámha a chéile,” a dúradh i ráiteas a eisíodh leis an bhfíseán.
Dúirt TG Lurgan go bhfuil “ríméad” ar lucht na heagraíochta faoin togra nua agus gur “ócáid stairiúil” a bhí sa teacht le chéile. Tugadh geallúint go “dtógfar go mór” ar a bhfuil bainte amach acu go dtí seo nuair a reáchtálfar an chéad cheardlann le lucht na Breataine Bige i nGaeltacht na Gaillimhe ag deireadh an tsamhraidh.
Tá an deis á tapú ag Coláiste Lurgan aird a tharraingt tríd an bhfíseán ar chás fhoirgneamh an choláiste atá ag titim as a chéile le fada an lá. Tá Coláiste Lurgan, mar a bhfuil TG Lurgan lonnaithe, ar an gCnoc in Indreabhán i gCois Fharraige. Is le hÚdarás na Gaeltachta an foirgneamh a bhfuil an coláiste samhraidh ann, foirgneamh a tógadh blianta fada ó shin agus nach bhfuil in oiriúint, dar le lucht bainistíochta an choláiste, níos mó.
Deir lucht Choláiste Lurgan go bhfuil an baol mór ann nach mbeidh an coláiste ann i gceann bliain nó dhó mura dtabharfaidh Aire na Gaeltachta Catherine Martin agus Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers cluas éisteachta dá n-achainí.
Tá súil ag Coláiste Lurgan go dtiocfaidh Roinn na Gaeltachta i gcabhair orthu le maoiniú a chur ar fáil d’fhoirgneamh nua ar an gCnoc a luaithe agus is féidir.