Chuir an tUasal Dylan, an seanfhondúir ceoil sin nach bhfuil aon réamhrá de dhíth air, an t-albam is úire seo le chéile le linn dó bheith ar an bhóthar ar na mallaibh, agus tá a lorg sin le cluinstin air go dtí pointe.
Níos éadroime agus gealgháirí ná an t-albam a tháinig amach roimhe seo, Modern Times, níl aon amhras go bhfuil Together Through Life píosa beag scaoilte ach tá sé fuinniúil go leor ag an am céanna, cáilíocht nach raibh ag gach eisiúint dá chuid thar na blianta.
10 n-amhrán san iomlán, tá na traiceanna ar fad scríofa go cumasach mar is gnáth – le cabhair ó Robert Hunter, a d’oibrigh le Dylan roimhe cheana – agus curtha i láthair ar bhealach simplí ach measartha éifeachtach.
Tagann an ceol le chéile gan stró, rud a léiríonn cumas agus compord bhanna Dylan, agus tá macallaí na ngormacha measctha isteach le rock & roll agus fiú bailéid mhóra an ghrá. D’fhéadfá a rá go bhfuil an grá mar théama tríd an albam síos ach tá an greann le mothú ann chomh maith – go háirithe san amhrán My Wife’s Home Town – agus cuireann bosca ceoil David Hidalgo de chuid Los Lobos leis an atmaisféar réchúiseach siamsúil atá ag an saothar iomlán.
Is léir fosta go bhfuil an ceoltóir laochúil – a bheas 68 an mhí seo – go fóill ag baint taitnimh as an ‘obair’, é ag ceol leis le sórt paisean ar Jolene agus le fuinneamh de shaghas éigin eile ar This Dream Of You.
Tá blas éigin Francach fiú ar Life Is Hard agus cé go bhfuil mórchuid na n-amhrán suite nó bunaithe ar an am a chuaigh thart, is fíor fosta go bhfuil brí agus spriorad an albaim sa lá atá inniu ann. Agus níl aon sampla níos fearr de sin le fáil ná sna línte sách comhaimseartha san amhrán deiridh, ina ndeir Dylan “it’s all good” go minic tríd.
Cé nach sárshaothar é seo atá curtha amach aige, ná baol air, d’fhéadfá an ráiteas sin thuas a úsáid faoin albam ar fad.