Más féidir aon rud a thuiscint ón dtóir mhór atá ar cheol Justin Vernon (Bon Iver) is é go bhfuil an formhór againn cráite, leochaileach ar chuma éigin, go pointe éigin, ar chúis éigin.
Ní gá, fiú, go mbeadh cúis ar leith leis an gcrá.
Is é cás an duine dhaonna bheith ag iarraidh brí an tsaoil a léamh sa bhfirmimint, agus bheith in ísle brí nuair nach n-aimsítear ann ach a thuilleadh mistéir.
Tugann creideamh sólás do roinnt.
Bíodh ceol Bon Iver ag an gcuid eile againn.
Tosaíonn 22, A Million le glór ag canadh “It might be over soon”.
D’fhéadfadh deireadh caidrimh, críoch le tréimhse chorrach i saol Vernon, nó deireadh a shaoil a bheith i gceist – níl sé soiléir.
Níl sé soiléir, fiú, an glór Vernon atá á chlos.
Leis an éifeacht dhigiteach curtha ar a ghlór ag Vernon mheasfá ar dtús gur garsún atá ag canadh.
Maireann an débhríocht tríd 22, A Million ina iomlán.
Baineann Vernon feidhm go minic as éifeachtaí gutha agus eile chun brí na bhfocal a cheilt, agus nuair atáid soiléir le clos is deacair iad a thuiscint.
Ná bíodh aon amhras ort, is mar iarracht chun ciall a dhéanamh dá shaol féin, go príomha, atá an ceol seo á léiriú ag Vernon.
Is minic a mheasfá an fear bocht ag deireadh a nirt.
Cumadóir tréithreach é, ach fear ceanndána freisin.
Is go mór chun leas an tsaothair é go raibh sé de mhisneach ag Vernon ceol 22, A Million a chur as riocht in ionad ligint do chúrsaí éirí leamh, oiltiúil.
Tá draíocht chatairseach (cathartic) le haimsiú ar 22, A Million ach sinn sásta aithint nach bhfuil ionainn mar éisteoirí ach súmairí suaracha ag marachtaint ar allas anam Vernon.