“On Lava Diviner, I wanted to conjure that same headspace that artists like Roger Dean, and even Zdzislaw Beksinski project in their iconic paintings. I tried to evoke those grand, colourful, surreal landscapes that are mind-bending yet oddly comforting – sci-fi and epic and holy, all at the same time.” Botany
Is mó diabhal ná maitheas a dhéanann preasráiteas uaireanta. De réir cosúlachta is albam coincheapúil é ‘Lava Diviner (Truestory)’, bunaithe ar bhréag- scéal faoi sheict reiligiúnach a bhíonn ag guí go bpléascfadh bolcán.
Ach faoin am go raibh an taifead críochnaithe ag Spencer Stephenson (Botany) Texas thuig sé nach sin a spreag in aon chor é ach mór-eachtraí a shaoil phearsanta féin.
An bhfuil tú fós liom? Is maith sin – i gcás an ‘Lava Diviner’ iontach b’fhearr dúinn dul amú sa cheol in ionad dul amú sna sonraí. Is turas ceart é ‘Lava Diviner’. Début suaithinseach, foirfe a mbeidh fonn ort éisteacht leis d’aon sruth amháin.
Ceol hip hop LA is bunús le buillí Botany (tá an t-amhránaí Ryat as stábla Brainfeeder le clos ar ‘Simple Creatures’), ach ar nós Boards Of Canada roimhe cruthaíonn Botany fuaim as an nua nach ceol hip hop é , nach ceol leictreonaic é, nach aon rud a bhfuil sean-thaithí againn air.
Taifeadtha ar shean-ríomhaire agus samplóir le feadóga, veidhlíní, cloigíní, giotáir, caschláir, téip-taifeadáin agus a thuilleadh trealaimh lo-fi eile, seo ceol sainiúil Botany.
Is oiriúnach é analach péinteála thuas-luaite Botany – déanann sé a bhuillí a chlúdach le huige ildaite de cheol i stíl Iasos, athair baistí Gréigeach cheol new age California.
Nuair a dhein Roinn Síceolaíochta Plymouth State College taighde leo siúd ar éirigh leo filleadh ar an saol seo ag pointe an bháis léiríodh go raibh ceol Iasos níos cosúla leis an gceol a bhí á gclos acu agus iad ag druidim i dtreo an bháis ná aon saigheas eile ceoil.
Ceol na n-aingeal? B’fhéidir é.
Tá an blas sothuigthe, cianaosta céanna ag ceol Botany freisin. Ceol uirlise a labhraíonn leat ag leibhéal bunúsach; aircitíopa Carl Jung i bhfoirm cheoil.
B’fhéidir go bhfuilimíd ar fad ag teacht as, agus ag filleadh arís ar, an áit chéanna. Ar a laghad, cruthaíonn ‘Lava Diviner’ go bhfuil Botany ina sheasamh amuigh leis féin sa domhan ceoil.
Albam début na bliana.