‘Boundary Object’ agus Albaim eile na Míosa

Big Thief – Dragon New Warm Mountain I Believe In You (4AD)

Albam ollmhór – 20 amhrán thar 80 nóiméad – ina bhfuil féith agus fonn fánaíochta nua Big Thief soiléir le clos. 

Tá mórán den ndaon-rac tíre a bhíonn á chleachtadh ag Big Thief de ghnáth le clos cinnte (‘Change’, Dried Roses’, ‘Certainty’, ‘Sparrow’), ach bí ag súil le go leor eile idir trip hop, de shaghas, (‘Blurred View’, ‘Heavy Bend’), amhrán a chuirfeadh Tom Petty ag jeamáil le Cocteau Twins i gcuimhne duit (‘Little Things’) agus func-rac glic macnasach (‘Stimulation Swarm’). 

Rófhada mar albam, b’fhéidir? Éistim féin leis ina dhá leath, agus is deas an comhluadar agam liricí agus amhránaíocht Adrianne Lenker, idir spórtúil agus dáiríre.

Group Listening – Clarinet & Piano: Selected Works, Vol.2 (PRAH)

Cé gur beag sásaimh a bhainim as na saothair indie-cheoil a bhíonn á gcumadh ag Stephen Blackwell na Breataine Bige faoin ainm Sweet Baboo táim meallta go hiomlán ag an togra ceoil nua seo dá chuid, Group Listening, i dteannta an chumadóra Paul Jones as Caerdydd.

Leaganacha clairinéid agus pianó-bhunaithe de phoirt de chuid leithéidí LaraajiBeverly Glenn CopelandBig StarMamman Sani atá le clos (agus ceol téama an chláir teilifíse do leanaí ‘Camberwick Green’, fiú). 

Ní gá go mbeadh cur amach agat ar na bunleaganacha – ní raibh agamsa, den chuid is mó – mar éiríonn le Blackwell agus Jones dul go croí an scéil i ngach cás, agus úsáid bainte acu as éagsúlacht teicnící léirithe fuaime chun cruth nua maoth, samhlaíoch a chur ar gach rian anseo.

Fírinne theibí an eisiúna inste go sonach. Ceol as na flaithis.

Gabor Lázár – Boundary Object (Planet Mu)

Ceol leictreonach don éisteoir eachtrúil, go háirithe, atá i gceist leis an bhfadsaothar seo de chuid Gabor Lázár na hUngáire. Tugann Lázár faoi cheol amhail is gur rud fisiciúil tríthoiseach é. Lúbann cruth agus rithim an cheoil isteach air féin, ag síneadh agus ag briseadh thoisí na fuaime go ceanndána. Bí ag súil leis an rud ná beifeá ag súil leis ó cheol teicneo. 

Níl mórán céille le port ar bith anseo ann féin, ach éist leo ceann i ndiaidh a chéile is beidh saothar ealaíonta ar leith cloiste agat a bhuaileann boiseog ar bheola an chomhghnáis agus a thugann cic láidir sa tóin don lagmheasarthacht. 

Hamid Al Shaeri – The SLAM! Years (1983-1988)  (Habibi Funk)

Ceoltóir agus amhránaí as an Libia é Hamid Al Shaeri a luaitear le bunú agus forbairt na stíle ceoil Al Jeel – stíl phopcheoil Éigiptigh, bunaithe ar rac-cheol, func, dioscó agus reigé iasachtach, a tháinig i réim le linn na seachtóidí agus na n-ochtóidí luatha

Tá os cionn 30 albam eisithe ag Al Shaeri, is díríonn an bailiúchán seo ar phlúr an cheoil da chuid a d’eisigh lipéad Éigipteach SLAM! le linn na tréimhse 1983-1988. Pop-cheol Arabach lán de dhord-línte lúbacha func, seimnint giotáir leachtúil, rifeanna milse síntéiseora agus rithimí dioscó atá romhat. Beidh fonn damanta damhsa ort nó aisíocfar costas an cheirnín!

SCÉALTA EILE