Breacadh an Luain Nua
Shigeto ar ais le sár-albam leictreonach

Shigeto – ‘The New Monday’


Tá an léiritheoir ceoil Shigeto (Zach Saginaw) tar éis bogadh abhaile go cathair Detroit a dhúchais ón uair dheireanach ar chuir sé albam faoin ár mbráid (léirmheas anseo), agus oíche sheachtainiúil dhioscmharcaíochta (darb ainm ‘Monday’) bunaithe aige ann.

Ní haon ionadh é mar sin go bhfuil blas na cathrach go smior san albam nua leis, The New Monday, agus, in ainneoin ilchineálacht an cheoil, go bhfuil béim níos mó ar riachtanais an urláir rince a shásamh ná mar a bhí cheana i gcás cheol Shigeto.

Rud amháin nach bhfuil tar éis athrú, áfach, ná cumas Saginaw a chúlra mar dhrumadóir snagcheoil a chur ag obair chun leas a chuid léirithe.

Ag tús an albaim cloisfear glór ag rá “one more time from the top” – leid don éisteoir go bhfuil toradh meithle i gceist le The New Monday seachas obair aon fhir amháin.

Má tá ómós Saginaw d’fhuaim beatdown Detroit soiléir le clos ar rianta mar ‘There’s A Vibe Tonight’ agus ‘Detroit Part II’, bronann sacsafón beo Mharcus Elliot, amhránaíocht chorraitheach Kaleena Zanders agus obair mhéarchláir liriciúil Saginaw féin beocht ar leith ar an gceol nach bhfuil le haimsiu i saothair shampla-bhunaithe house.

Mar rapadóirí den nglúin nua rugann Silas Green agus Zeeloper Z (ball de Bruiser Brigade Danny Brown) fuinneamh de shaghas eile leo chun na cóisire.

Agus Zeeloper Z ag scaoileadh sruth rannta uaidh thar rif aicídeach Roland TB 303 agus buillí briste de chnaguirlisí tiúnáilte, is hip house é ‘Barry White’ de shaghas nach mbeidh cloiste cheana.

Is cliste mar a mhalartaíonn ‘Don’t Trip’ idir buillí fíochmhara agus cordaí saibhre méarchláir, agus Green ag impí “don’t trip, don’t slip” ar an éisteoir.

Agus ma tá amhras ort go bhfuil Shigeto tar éis a chúl a thabhairt d’fhuaim réchúiseach albaim mar No Better Time Than Now, tabhair cluas le héisteacht do ‘In Case You Forgot’ agus don ‘When We Low’ gleoite a thugann go ceann scríbe sinn.

Ag teacht sna sála ar albaim bhreátha ó Patricia (Several Shades Of The Same Color) agus Dauwd (Theory of Colours), seo eisiúint eile ar an lipéad Ghostly International a bheidh san iomaíocht d’áit ar liosta albaim leictreonacha na bliana 2017.

Shigeto – No Better Time Than Now