Briseadh croí do na hiarrthóirí Gaeltachta ag Comórtas Eurosong

Níor éirigh le ceachtar den bheirt cheoltóirí Gaeltachta an chraobh a thabhairt leo i gcomórtas Eurosong a bhí ar siúl ar The Late Late Show anocht. Tháinig CONNOLLY, amhránaí óg as Leitir Mealláin i gCeantar na nOileán i nGaeltacht na Gaillimhe, sa dara háit sa chomórtas náisiúnta le hamhrán a roghnú le cur chun cinn go Comórtas na hEoraifíse in Liverpool i mí na Bealtaine.

Ba í CONNOLLY rogha an phainéil moltóirí sa stiúideo i nDomhnach Broc anocht agus na bpainéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ba é an vóta poiblí a sciob an chéad áit uaithi sa deireadh. Bhí sí gob ar ghob leis an mbanna ceoil as Baile Átha Cliath Wild Youth – 22 phointe acu araon – nuair a tháinig torthaí an vóta phoiblí isteach. Thug muintir na hÉireann deich bpointe do bhean Leitir Mealláin agus dhá phointe dhéag do bhuachaillí Bhaile Átha Cliath.

Tháinig ADGY, ar as an Bhun Bhig i nGaeltacht Ghaoth Dobhair ó dhúchas é, sa chúigiú háit lena amhrán ‘Too Good For Your Love’. Chan ADGY cuid dá amhrán i nGaeilge anocht, mar a gheall sé níos túisce an tseachtain seo ar Twitter.

Canfaidh Wild Youth a bhuaigh a n-amhrán ‘We Are One’ i Sasana i gceann trí mhí le hionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag an gcomórtas idirnáisiúnta.

SCÉALTA EILE