An ceoltóir tú? Nó an bhfuil banna agat? Ar mhaith leat EP a thaifeadadh le cabhair ó bhall de chuid Villagers?
Sin an duais iontach atá á thabhairt amach ag an chlár Rónán Beo @3 mar chuid de Sheachtain na nDaoine Óga.
Bruíon na mBuíon is ainm don chomórtas iontach seo ina bhfuil cuireadh á chur ar ghrúpaí nó ceoltóirí aonaracha amhrán nuachumtha comhaimseartha a chumadh agus a sheoladh isteach chuig an seó raidió is mó i ndomhan na Gaeilge.
Beidh móltóirí an chomórtais ag treabhadh fríd na hamhráin uilig a thiocfaidh isteach le buaiteoir amháin a roghnú. Beidh an buaiteoir á fhógairt ar Rónán Beo @3 Dé hAoine 19 Aibreán.
Duais:
– EP (3 traic) a thaifeadadh i stiúideo Tommy McLaughlin, ball den ghrúpa ceoil ‘Villagers’
– Cuireadh le seinm ag an Chabaret Craiceáilte.
– Clúdach ar NÓS
Rialacha:
– Tá an comórtas seo dírithe ar dhaltaí meánscoile ar fud na tíre.
– Glacfar le hamhráin chomhaimseartha nuachumtha le grúpa nó le ceoltóirí aonaracha.
– Is féidir níos mó ná hiarratas amháin a sheoladh isteach ach an méid sin a chur in iúl i d’iarratas.
– Ní bheidh athbhreathnú á dhéanamh ar chinneadh na moltóirí.
Cuir isteach air:
Seol d’amhrán chuig Rónán Beo, RTÉ Raidió Na Gaeltacha, Na Doirí Beaga, Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall nó mp3 chuig ronan@rte.ie roimh Dé hAoine 29 Márta.