Ba í Áine Durkin a bhuaigh an comórtas náisiúnta Pan Cheilteach in Amharclann GB Shaw agus Ionad Ealaíne Visual i gCeatharlach oíche Dé Sathairn. Ba í Daríona Nic Dhonncha, as Conamara, a chan an t-amhrán a scríobh Áine ‘Ní Thuigim’.
Cuireadh breis agus 40 iarratas isteach ar an gcomórtas náisiúnta amhrán i mbliana agus roghnaíodh 16 iomaitheoir le bheith ar an ardán tráthnóna Dé Sathairn i gCeatharlach. Beidh Daríona anois san iomaíocht sa gcomórtas idirnáisiúnta a bheidh ar siúl aimsir na Cásca i Leitir Ceanainn.
San iomaíocht Dé Sathairn bhí triúr iomaitheoir as Contae na Gaillimhe, cúigear as Baile Átha Cliath, triúr as Corcaigh, beirt as Dún na nGall, agus duine amháin as Longfort, an Clár, Co Lú, Ceatharlach féin, agus an Iarmhí.
Anuas ar an áit a bhuachan sa gcomórtas idirnáisiúnta, bhuaigh Áine €1,000 agus trófaí an chomórtais náisiúnta. Ba í Niamh Keane a tháinig sa dara háit lena hamhrán ‘Nuair a d’imigh tú’, agus tháinig Tadhg Ó Grifín agus a bhanna Square 1 as Ceatharlach sa tríú háit lena n-amhrán ‘Macánta’.
Bhí Liam Lawton, ceoltóir aitheanta as Ceatharlach, Séan Ó hÉanaigh ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus iarbuaiteoir an chomórtais idirnáisiúnta Pan Cheilteach Emer Ní Fhlaitheartaigh i mbun moltóireachta ar an gcomórtas an deireadh seachtaine seo caite.
Bunaíodh an Fhéile Pan Cheilteach i gCill Áirne in 1971, agus tá an fhéile á reáchtáil ó shin. Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht na naisc idir na Tíortha Ceilteacha a láidriú agus an ceol agus an cultúr ‘Ceilteach’ a chur chun cinn.
Beidh iomaitheoirí ó na náisiúin eile i Leitir Ceanainn do na 17 comórtas a bheidh ar siúl idir 23-28 Aibreán. Beidh comórtais don amhránaíocht, don damhsa, don amhránaíocht traidisiúnta, d’uirlisí éagsúla ceoil, agus do chóir.