‘Fairytale’ an t-ainm a bhí ar amhrán na hIorua i gcomórtas Eurovision 2009 agus sin díreach an rud a bhí ann don cheoltóir Alexander Rybak a thóg leis an chéad áit leis an scór is mó riamh.
387 vóta a ghnóthaigh an tIoruach óg i Moscó oíche Shathairn agus ní raibh an toradh riamh in amhras ó chuaigh an tír chun tosaigh go luath sa chomórtas.
Bhí Lochlannaigh eile, an Íoslainn, sa dara háit agus tháinig an Asarbaiseáin sa tríú háit.
Cé gur tháinig leath na vótaí sa bhabhta ceannais ón lucht féachana agus an leath eile ó ghiúiré, níorbh amhlaidh an scéal sna babhtaí leathcheannais áit a raibh todhchaí na n-iarratas éagsúil ag brath ar an lucht féachana amháin.
Agus níor thaitin amhrán na hÉireann ‘Et Cetera’ – a cheol Sinéad Mulvey agus Black Daisy – leis na breathnóirí sin, rud a d’fhág nach raibh ionadaíocht ag Éirinn sa chraobh don dara bliain as a chéile.
Ócáid mhórthaibhseach a bhí ann mar sin féin le héifeachtaí speisialta agus seit den chéad scoth curtha le chéile ag na Rúisigh, a chaith breis agus €30 milliún ar an imeacht.