Is mar ‘FaltyDL’ is fearr aithne ar an léiritheoir ceoil leictreonaigh Brooklyn-lonnaithe Drew Lustman.
Tá ceithre albam eisithe faoin ainm úd go dtí seo aige (Hardcourage 2011 ar an gceann is fearr acu), agus a cháil mar léiritheoir iléirimiúil a n-éiríonn leis eilimintí dub, house, garage, snagcheoil agus techno a fhilleadh isteach ar a chéile go sciliúil ag méadú bliain i ndiaidh bliana.
Má bhí díomá ar roinnt dá lucht éisteachta (an scríbhneoir seo ina measc) le halbam deireanach FaltyDL, an In The Wild (2014) turgnamhach, taghdach, tá The Crystal Cowboy ina chúis an léiritheoir a mholadh go hard na spéire in athuair.
Mar a deir Lustman féin, seo anois é ag cumadh ceoil atá saor ó bhagáiste coincheapúil – an saghas ceoil a chasann sé agus é ag dioscmharcaíocht sna clubanna nó dá chairde ag an mbaile.
Má tá téama ar bith ag baint le The Crystal Cowboy is spiorad an luathcheoil jungle/hardcore é.
Níor éirigh ach le fíorbheagán léiritheoirí, Sully (éist leis an sár-albam Carrier leis) agus A Guy Called Gerald (Black Secret Technology atá uait) ina measc, spiorad an cheoil seo a athshamhlú seachas a athchruthú.
Ach le rianta mar ‘Watch A Man Die’, ‘Time Machine’, ‘The Crystal Cowboy’ agus ‘Green Technique’ siúlann Lustman go scafánta isteach i gcomhluadar na máistrí.
Seo fear a thuigeann tábhacht an spáis idir na buillí, luach na codarsnachta idir fuaimeanna amha an hardcore agus nótaí glinniúla func agus snagcheoil – conas corpán ceoil a athbheochan.
Tá sealanna níos machnamhaí ar The Crystal Cowboy leis.
Léamh Lustman ar ghlór dub-techno Basic Channel é ‘Wolves’, port domhain a leagann cordaí creathánacha anuas ar chreatlach de dhord preabarnach, buillí bíogúla snasta.
Scothrian briosc corrthónach electro-funk i stíl Two Lone Swordsmen/Radioactiveman é ‘Sykle’, ach is é ‘The Hatchet’ an port a bhainfidh an anáil díot lena ionsaithe ciombail in áiteanna nach mbeifeá ag súil leo.
An-albam go deo.