Tá albam ceoil agus amhrán nuachumtha ag réalta Ard Mhacha, Barry Kerr. Labhair sé le NÓS faoina eisiúint nua ‘Boy in a Boat’, a bheas á seoladh an tseachtain seo.
‘Amhránaí’, ‘ceoltóir’, ‘ealaíontóir’… is iomaí teideal ar fhear na Lorgan agus é aitheanta ar níos mó ná bealach amháin as a chuid cruthaitheachta.
Is mar scríbhneoir amhráin agus mar chumadóirí ceoil a fheicimid anois é, áfach.
Tá clú na cumadóireachta ar Barry Kerr cheana féin, agus roinnt amhrán nuascríofa leis taifeadta ag ceoltóirí móra eile.
Cé gur mór an t-aitheantas é seo, bhí sé tábhachtach dó go gcuirfeadh sé a leagan féin dá shaothar amach chomh maith.
Le himeacht ocht mbliana, ónár seoladh The World Looks Away, an chéad albam aonair leis, tá an domhan siúlta ag Barry Kerr, go minic in éineacht ceoltóirí móra i saol an cheoil thraidisiúnta.
“Agus tú ar camchuairt, d’fhéadfá an chuid is mó den lá a chaitheamh ag féachaint amach ar an domhan trí fhuinneog an bhus. Deis iontach atá ann le bheith i do shuí le do chuid smaointe agus ag cumadh ceoil. Tháinig go leor amhrán chugam le linn an ama sin.”
“Tá mé sásta go raibh tréimhse de bhlianta idir an chéad agus an dara halbam. Creidim go ndeachaigh na blianta sin, agus an taithí shaoil sin, chun tairbhe ar mo chuid ceoil.”
Fear domhanda é Barry, fear machnamhach a bhfuil tuiscint aige ar an traidisiún agus é beo ann.
“Bhí thuas seal thíos seal go leor sna hocht mbliana sin ag tóraíocht agus ag fiosracht ionam féin ach leis sin tháinig bláth ar mo chuid cruthaitheachta.”
Léirithe ag Dónal Ó Connor (Redbox Studios), is ar mhúnla na seancheirnín vinile a thaifeadadh an t-albam deich rian seo.
Ocht n-amhrán, ar rogha iad dá n-amhrán is fearr ón tréimhse ag taisteal chomh maith le dhá phíosa ceoil, idir shean agus nua.
I measc na gceoltóirí atá le cloisteáil ar an albam tá Pauline Scanlon (Lumiere), Eamon Murray (Beoga), Donogh Hennessy (Lumiere, Lúnasa), agus Donal O’Connor (At First Light).
Mar a rinne filí agus scríbhneoirí amhrán roimhe, tarraingíonn sé ar mhórthéamaí na himirce, an ghrá agus an bháis, ach le dearcadh na linne seo.
Chomh maith leis na hamhráin, tá dhá rian de Barry i mbun cheoil uirlise.
Seanfhonn galánta mall é ‘Saely Kelly’, a bhí i measc na bhfonn a bhailigh Bunting ag Féile na gCruitirí Bhéal Feirste 1792, scríofa ag an chruitire Tomás Ó Conalláin sa 16ú hAois.
“Ní fonn é a mbeadh mórán sa lá inniu ann ar an eolas faoi agus tá mé iontach sásta go raibh an deis agam é a thaifeadadh.”
“Cumadh ‘Return to Castor bay’ in ómós d’áit ar leith, nach áit ar leith í, a chothaíonn suaimhneas, bíodh sé sa bhaile nó i gcéin.”
Seolfar ‘Boy in a Boat’ Dé hAoine 25 Aibreán.
Beidh Barry Kerr ar ardán Duncairn, Béal Feirste, an oíche chéanna, óna 8-11in, agus a shaothar nua á chur i láthair aige i dteannta roinnt de na haoicheoltóirí atá le cloisteáil ar an albam. Cead isteach: £10. Beir leat do chuid deochanna féin!
Tuilleadh eolais ar barrykerr.com