Buaigh cóip d’albam úr Kíla!
Comórtas 'Suas Síos'

Tá tús iontach curtha le 2015 ag na ceoltóirí ceannródaíocha in Kíla.

Ní amháin go bhfuil a ndeichniú albam Suas Síos eisithe agus réaltaí arda tugtha dó ag criticeoirí i gcéin agus i gcóngar, ach tá camchuairt chraiceáilte beartaithe acu a ghlacfaidh chuig gach contae in Éirinn iad chomh maith.

Agus ar a bharr sin ar fad tá scannán beochana a ndearna Kíla an fuaimrian dó, Song of the Sea, san iomaíocht le haghaidh Gradam Oscar ag deireadh na míosa.

Tá fonn orainn páirteach a ghlacadh sa spraoi seo ar fad mar sin tá comórtas den scoth againn do léitheoirí NÓS.


5 chóip de sháralbam nua an bhanna le buachan.

CEIST: Cén deoch is bunús leis an ainm Kíla?

Díreach seol d’fhreagra, ainm agus seoladh chuig comortas@nos.ie roimh 21 Feabhra chun bheith sa hata! Ádh mór!


Leid le fáil anseo.