Buaigh ticéad séasúir don Chultúrlann!

Beidh rac-cheol, ceol tíre, ceol traidisiúnta na hAlban agus togra ar leith a dhaingníonn an nasc ceoil idir Gaeilge na hÉireann, na hAlban agus Mhanann, ar fad ar ardán i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, i séasúr spleodrach siamsa sna seachtainí amach romhainn.

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar an fhéasta ceolmhar seo, tá NÓS – i gcomhar leis an Chultúrlann – ag tairiscint péire ticéad séasúir dár léitheoirí, pacáiste speisialta a chlúdaíonn ceithre cheolchoirm den scoth mar aon le béile do bheirt (ar oíche amháin) in Bia, bialann iomráiteach na Cultúrlainne.

Gigeanna de chuid an bhanna Albanaigh Breabach (thuas), racairí Chonamara Rís, an fonnadóir aitheanta Seán Ó hÉanaigh agus an togra trí-Ghaelach Aon Teanga atá i gceist, agus le bheith san iomaíocht don duais ollmhór seo níl le déanamh agat ach freagra na ceiste seo thíos, chomh maith le d’ainm, a sheoladh chuig comortas@nos.ie roimh 29 Bealtaine.

– Cén bóthar clúiteach ar a bhfuil Cultúrlann McAdam Ó Fiaich suite?


ris-web

Rís
Tá daoine ann a dhéanann ceiliúradh ar D-Day ar 6 Meitheamh, ach is ceiliúradh de shórt eile ar fad a bheidh ar bun ag an Chultúrlann ar an lá céanna.

Tá Rís, an rac-bhanna ó Chonamara, ag beartú ionradh a dhéanamh ar Bhéal Feirste don oíche agus iad ag seinm na gcnag ar fad óna albam nua iontach Yahú.

Bí ag súil le go leor rac agus neart roll.


Breabach
Is iad Breabach na cuairteoirí móra chun na Cultúrlainne ar 30 Bealtaine.

Oíche mhór cheoil a bheas ann le banna Albanach a bhfuil duaiseanna buaite acu ag an bhféile Celtic Connections agus ag Gradaim Cheol Tíre an BBC.

Cúigear atá sa ghrúpa agus iad díreach fillte ó chamchuairt rathúil san Astráil agus sa Nua-Shéalainn.

Tá meascán breá uirlisí acu ach is iad an dá phíb mhóra a bhainfidh croitheadh asat!


Seán Ó hÉanaigh
Tá aithne fhorleathan ar Sheán Ó hÉanaigh mar gheall go gcloistear a ghuth sainiúil ag comhláithriú an chláir ‘Sruth na Maoile’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus BBC Radio nan Gaidheal.

Ach tá aithne ag Gaeil ar Sheán as ucht a chuid amhrán draíochtúil ina gcuireann sé inár láthair go ceolmhar léargas domhain ar an saol mar a fheictear dó é.

Baineann a albam is déanaí Fánaícoht/The Tides That Bind le saol an deoraí, téama atá ró-thréan i gceol na hÉireann ar chúiseanna nach gá a mhíniú anseo.

Ócáid ar leith atá geallta sa Chultúrlann ar 29 Bealtaine le Seán agus a bhanna!


ruth-keggin

Aon Teanga
Is í Mary Ann Kennedy comhláithreoir ‘Sruth na Maoile’ in éineacht le Seán agus beidh sí ag teacht chun na Cultúrlainne i dteannta le hEoin Ó Ceannabháin (Conamara) agus Ruth Keggin (Oileán Mhanann, thuas) mar chuid den seó ‘Aon Teanga’ Déardaoin 25 Meitheamh.

Ceolchoirm ar leith é seo ina mbeidh amhráin i nGaeilge na hÉireann, Gàidhlig na hAlban agus Gaelg Mhanann le cloisteáil.

Idir amhráin thraidisiúnta agus nua-chumtha a bheidh sa cheolchoirm seo agus seolfar albam dar teideal Aon Teanga ar an oíche fosta.

“Táimíd ag iarraidh blaiseadh a thabhairt dár gcuairteoirí is lucht leanúna ar an réimse leathan de cheol Gaeilge/Gaelach atá anois ann,” arsa Concubhar Ó Liatháin, bainisteoir nua imeachtaí na Cultúrlainne.

“Beidh i gcónaí ardán ag an gceol traidisiúnta sa Chultúrlann – agus tá imeachtaí móra á mbeartú faoi láthair d’Fhéile an Phobail agus Fleadh Feirste – ach seo deis ar leith ceol trí Ghaeilge i seánraí éagsúla – ceol tíre, ceol rac agus ceol domhanda – a chlos.”


Is féidir ticéid do na hoícheannta a chur in áirithe ar culturlann.ie. Tá margadh ar leith ar fáil má cheannaíonn tú do thicéad ag an Chultúrlann féin mar is féidir ceithre thicéad a fháil ar phraghas trí thicéad.

SCÉALTA EILE