“Buail arís mé, is le gach buille, a dhuine, is i láidreacht a théimse, buille ar bhuille.” ‘Buail Arís Mé’, IMLÉ
Ba mhinic cheana eilifint seasta i m’aice nuair a chasfainn an ríomhaire sa tsiúl chun mo mheas a thabhairt ar cheol Gaeilge nuachumtha.
Is beag fairsinge a bhíonn agamsa is m’eilifint i m’oifig bheag bhaile, é ina sheasamh ansin go dúr leis na litreacha ‘CNT’ tatuáilte ar a bhundún aige.
Sin, is dócha, an Cad ‘Na Thaobh mar iriseoir Gaeilge go mbraithim faoi bhrú amhráin nuachumtha inár dteanga féin a mholadh go hard na spéire gan beann ar chaighdeán na n-amhrán ná an cheoil féin?
Cúis Na Teanga an freagra, gan dabht.
Ní bhíonn aon leisce orm ceol i dteangacha eile a cháineadh más cuí, ach le ceol na Gaeilge níl sé riamh chomh simplí sin.
Is rogha pholaitiúil bheith go hiomlán ionraic faoi chultúr atá i mbaol, go háirithe sa chás nach mbeadh tuairim dhearfach le roinnt ag duine.
Ach más fíor sin, cad é ról an criticeora in aon chor?
An chéad rud a thugaim faoi ndearadh agus albam début IMLÉ ar na cluasáin agam ná nach bhfuil m’eilifint i láthair inniu.
Is léir ó liricí IMLÉ go gcreideann na fir mhisniúla seo i bplé oscailte ar an saol is cultúr i gcoitinne.
Níl ach moladh tuillte ag an albam iontach, neamhchoitianta seo ar aon nós.
Neamhchoitianta sa tslí go n-éiríonn leis an ngrúpa an oiread sin eilimintí éagsúla a thabhairt leo go slachtmhar, nádúrtha.
Hip hop, indie, honky-tonk Chonamara agus corr-dhlaíóg sean-nóis.
Iontach sa tslí go n-éiríonn leis an gcodarsnacht idir na stíleanna cur i láthair atá Marcus Mac Conghail agus Pádraig ‘Muipéad’ Ó Conghaile, is iad ag malartú véarsaí ar amhráin mar ‘Críochfort’, ‘Ceap do Shuaimhneas’ agus an ‘Buail Arís Mé’ eipiciúil.
Neamhchoitianta sa tslí go bhfuil éirithe ag Karl Odlum breith sa stiúideo ar fhuinneamh seó beó IMLÉ.
Amhráin fhileata iad seo. Ionraic, macánta leis.
Teachtaireachtaí dearfacha gan aon dúnadh súil do dhorchadas agus gruaim an tsaoil a bheith i gceist.
Éist leis an ‘Pádraig’ bogchroíoch, le curfá a chuirfeadh ardú meanman ar dhuine (“ar bhéal gach duine a bhí d’ainm”) d’ainneoin téama brónach an amhráin.
É sin ráite, ní gach duine a bhainfidh sásamh as pianó-bailéad mar ‘Síos An Bóthar’.
“Níl tú leat féin, a mhac,
níl tú leat féin, a mhac,
Caith uait an diúltacht,
scaip an dearfacht timpeall an domhain,” a chanann Marcus ar ‘Críochfort’.
“B’fhéidir gur b’shin díreach an rud ata uainn,
B’fhéidir go bhfuil beagáinín dhóchas ann dúinne,” é freagra Muipéad.
Cúis dóchais do thodhchaí an cheoil nua-chumtha Ghaeilge í eisiúint ‘IMLÉ’, bí cinnte de sin.
Táim ag súil nach bhfuil anseo ach tús… buail arís mé, Imlé!
Tá albam IMLÉ ar díol anseo.