Buaiteoirí chomórtas Ceol 09

Ar bharr an dea-scéala faoi na Gradaim Chumarsáide, tá ceann eile againn daoibh – buaiteoirí chomórtais Ceol 09.

Bhí ceithre chóip le buachan an mhí seo agus le bheith san iomaíocht ní raibh le déanamh agat ach a rá linn gurb as Baile Átha Cliath é Fiach.

Chuir na scórtha isteach ar an gcomórtas agus, sa deireadh, is iad an ceathrar a raibh an t-ádh orthu an babhta seo ná:

– Declan Fitzpatrick, Londain
– Cecelia Gavigan, BÁC 9
– Neil Ó Briain, Corcaigh
– Adrienne Ní Mhuirí, BÁC 3

Comhghairdeas libh! Beidh cóip den albam iontach – ar a bhfuil The Swell Season, Paddy Casey, Ham Sandwich, Eddi Reader, Mick Flannery, Cathy Davey, Nell Bryden (thuas), Duke Special agus eile – ag dul amach chugaibh gan mhoill.

Agus ná déanaigí dearmad go bhfuil léirmheas ar gach amhrán de Ceol ’09 le léamh in eagrán mhí Aibreáin de NÓS.

SCÉALTA EILE