Beidh Kíla ag seinm ag an Chabaret Craiceáilte i nGaoth Dobhair Dé Sathairn seo mar chuid den chamchuairt náisiúnta atá siúl acu lena n-albam úrnua, Suas Síos.
Is i dTigh Hiúdaí a bheas an chraic mar is gnáth agus osclaíonn na doirse ag 9.30in.
An tseachtain seo caite d’fhógair muid go raibh cúig chóip den albam iontach le tabhairt amach againn agus, ar ndóigh, ba mhór an spéis a léirigh sibh sa duais leis na scórtha agaibh ag cur isteach ar an chomórtas.
An cheist a bhí ann ná cén deoch is bunús leis an ainm Kíla agus bhí an freagra ceart, ‘Tequila’, ag an mhórchuid agaibh (seachas na daoine a luaigh ‘Kia Ora’ agus ‘Tae’… tá a fhios agaibh cé sibh féin!).
Anseo thíos tá na buaiteoirí ádhúla a tarraingíodh amach as an hata… comhghairdeas libh!
– Caoimhín Ó Buí, Cill Fhionntain, BÁC 13
– Mauro Maver, Cologno al Serio, An Iodáil
– Conor Mac Taidhg
, An Cladach,
Gaillimh
– A. Ó Muircheartaigh, Dún Chaoin, Co. Chiarraí
– Jane Starrs, Baile an Chaistil, Co. Aontroma