Cabaret ag Ceiliúradh


Is ócáid mhór i gcónaí í oíche an cheabairé is spleodraí agus is Gaelaí ar domhan, An Cabaret Craiceáilte, ach beidh cúis cheiliúrtha sa bhreis ag an slua a bheas i láthair amárach (Dé Sathairn 27 Lúnasa) le haghaidh chóisir na míosa seo mar beidh an Cabaret trí bliana d’aois.

Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil an spraoi craiceáilte atosaithe arís ó bhí Lúnasa 2008 ann agus is iomaí imeacht den scoth atá curtha ar fáil ag muintir an Chabaret ó shin i leith, ní amháin i nGaoth Dobhair ach ar fud na tíre chomh maith, le cuid de na himeachtaí chomh maith sin nach féidir cuimhniú orthu!

Tógra iomlan deonach é an Cabaret a bhíonn á eagrú ag an réalta raidió Rónán Mac Aodha Bhuí agus a bunaíodh chun ardán a thabhairt do cheoltóirí áitiúla agus eile a bhíonn i mbun ceoil as Gaeilge agus chun saol siamsa sóisialta sa teanga a spreagadh sa Ghaeltacht agus san iar-Ghaeltacht araon.

Míníonn Rónán gur siar sa bhliain 1993 a cuireadh síolta Chabaret an lae inniu.

“Tháinig An Ciorcal Craiceáilte ar an saol in 1993 ar mhaithe le saol sóisialta lán-Ghaelach a chruthú, chomh maith le tionscal ceoil chomhaimseartha trí Ghaeilge a spreagadh agus a chothú,” arsa sé.

“Tá an meon sin go fóill beo inniu, tá sé ag neartú arís, agus tá lúchair orm go bhfuil ag éirí linn na haidhmeanna sin a chur i gcrích, go deonach agus ar bheagán achmhainní.

“De réir a chéile, tá an soiscéal ag spréadh go bhfuil rudaí maithe ag tarlú, go bhfuil an chraic sa cheol agus go bhfuil muid bródúil. Tá an taobh sóisialta den Ghaeilge iontach tábhachtach mar tugann sé deis do dhaoine bualadh le chéile agus cuireann sé in iúl go bhfuil beocht ar leith i saol na teanga.”

Luann Rónán go bhfuil sé fíor-bhuíoch do na ceoltóirí uilig a bhíonn páirteach sa Chabaret, chomh maith leis an lucht gnó áitiúil a thugann tacaíocht dóibh.

“Bíonn imeachtaí den chineál seo ag tarlú mar go bhfuil daoine sásta cuidiú a thabhairt ar bhonn rialta agus tá Réabhlóid An Cheoil (RAC) go mór faoi chomaoin acu,” ar seisean.

“Ní fhéadfaí an Cabaret a choinneáil beo, mar shampla, gan an cuidiú a thugann leithéidí Ealaín na Gaeltachta, obair dheartha Chaomháin Uí Scolaí, Teach Hiúdaí Beag, Teach Sheáin Óig, Ollmhargadh Uí Ghallchóir, Teach Chambell, Siopa Mhatt, Busanna McGinley agus Feda agus araile.

“Ar a bharr sin meallann an Cabaret cuid mhór cuairteoirí go Gaoth Dobhair achan mhí, rud atá maith don cheantar agus a léiríonn arís eile an borradh atá faoi chúrsaí Gaeilge i láthair na huaire.”

Cé gurb í Gaeltacht Thír Chonaill baile an Chabaret bíonn sé ar cuairt go minic in áiteanna eile sa tír agus le trí bliana anuas bhí ócáidí craiceáilte ar siúl sa Phuball Gaeilge ag Electric Picnic, ag Fleadh Feirste i mBéal Feirste, ceiliúradh na Féile Pádraig i mBaile Átha Cliath, Féile Oirialla i Muineachán, Pléaráca Chonamara, Oileán Thoraí agus eile.

Ar an mhí seo chugainn beidh sé ar ais i mBéal Feirste faoi choinne cheiliúradh mór 20 bliain Chultúrlann McAdam Ó Fiaich nuair a osclóidh an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa síneadh úr an fhoirgnimh agus a cheolfaidh grúpa iontach John McSherry, The Soma Band.

Bíonn cuid de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr, na bannaí Gaeilge is nuálaí agus na damhsóirí sean-nóis is gnéasúla in Éirinn le cloisteáil agus le feiceáil ag an Chabaret ar bhonn rialta agus is amhlaidh an scéal chomh maith don tríú breithlá oíche amárach i dTí Hiúdaí.

Beidh an t-amhránaí cumhachtach Feirsteach, Gráinne Holland, a bhfuil a céad albam Teanga na nGael díreach eisithe aici, ar an ardán in éineacht le Feilimí O’Connor, Rohan Young, Mark Kane agus Conor Caldwell.

Cuirfidh na deartháireacha ceolmhara as Cill Mhantáin, Mo Hat Mo Gheansaí, a n-amhráin nuachumtha i láthair agus beidh Na Muca Mire, Na Scoodelys agus ceoltóirí eile i mbun aicsin chomh maith.

Is léir mar sin go ndéanfar ceiliúradh mór maith ar na trí bliana atá curtha isteach ag an Chabaret go dtí seo, agus bí cinnte go mbeidh go leor ábhar eile ceiliúrtha ag Gaeil chraiceáilte amach anseo.

Mar a deir an tUasal Mac Aodha Bhuí é féin; “Cuirigí críoch ceart leis an samhradh agus bainigí sult as an réabhlóid Chraiceáilte!”

SCÉALTA EILE