Cad a dhéanfas mise?

Luaigh muid mí ó shin go raibh amhráin nua Ghaeilge beartaithe ag Boss Sound Manifesto as Béal Feirste – léigh faoi anseo – agus anois tá físeán iomlán úr eisithe ag an bhanna cúláilte ska.

‘Cad a dhéanfas mise?’ an t-ainm atá ar an taifeadadh beo seo agus tá fuaim dheas réchúiseach ag baint leis an traic.

D’aon duine nach bhfuil cur amach acu ar an seánra, tá macalla na luath-rianta ska le cloisteáil anseo, go háirithe má dhúnann tú do shúile agus gluaistear siar tú chuig ré cheoil ar leith a bhfuil Boss Sound tar éis buille Gaelach a chur léi.

Is maith ann í éagsúlacht an cheoil nua Ghaeilge gan aon amhras agus má tá fonn ort cuidiú leis an phríomhamhránaí Buzz, seo thíos na liricí… hup!

Cad a dhéanfas mise?
Ach glaoigh ort a thaiscidh.
Cad é dhéanfas mise?
Ach glaoigh ort a thaiscidh.
D’imigh tú uaimse,
Anois tá mé faoi bhrón
Nuair atá grá de dhíth ormsa,
Ní ghlaofainn ach ort féin.
Cad a dhéanfas mise?
Ach glaoigh ort a thaiscidh.
Cad é dhéanfas mise?
Ach glaoigh ort a thaiscidh.
Ba cheart duit imeacht uaimse,
Mar briseann tú mo chroí,
Ach tar ar ais lá éigin,
Chugaimse arís

SCÉALTA EILE