Caith oíche le Macdara Ó Faoláin Ar Thaobh Chill an Fhuarthainn

★ ★ ★ 3/4

I mí na Bealtaine anuraidh, bhronn Macdara Ó Faoláin a EP Do Shamhlaigh Mé Tír Nua… orainn mar chúrsa tosaigh roimh an phríomhbhéile: a albam début Ar Thaobh Chill an Fhuarthainn. Tairiscint thar a bheith galánta a bhí ins an EP a d’fhág iarbhlas tarraingteach ar ár dteanga agus ní haon iontas gur chuir an t-albam nua seo deireadh deas blasta ar an aistear seo.

Is beag idir na fuaimeanna atá ar Do Shamhlaigh Mé Tír Nua… agus Ar Thaobh Chill an Fhuarthainn, agus ní gearán é sin ar chor ar bith. Tarraingíonn ATCF ar an draíocht a mhúscail Macdara ar na traiceanna ar DSMTN… agus tógann sé ar na buanna a léirigh sé ar an cheirnín leathfhada.

Taifeadadh an t-albam far fad i gcathair Chorcaí le Conor O’Sullivan ag Hidden Studio agus Gabrielle Liota i gCeolscoil Chorcaí. Conor McCarthy a léirigh an t-albam agus cluintear an fear céanna ag seinm pianó ar thraiceanna éagsúla feadh an togra.

D’oibrigh Leslie-Allen Spillane agus Victoria Adiiye ar ealaín chlúdaigh agus ar dhearadh an albaim  faoi seach. Feictear Macdara é féin ina shuí ar bhóthar agus íomhánna den dúlra, de na cnoic agus de na páirceanna spladhsáilte thairis.

Mar a bhí ar a DSMTN…, tá Macdara le cluinstin ar fud an albaim ag piocadh agus ag strumáil na sreang ar an bhasúcaí, ar an mhandóla, ar an mhaindilín agus ar an fhidil. Chomh maith leis sin, tá tuin a ghutha i mbarr a réime ar an cheirnín seo.

Agus tugann sin chuig an chéad phíosa cáinte muid — ní chluintear guth Mhacdara ar an albam go leor! Tuigim go bhfuil láidreacht nach beag ag Macdara san ionstraimíocht agus ní bheadh ann don albam seo gan sin is dóiche. Ach is sampla iontach é an chéad traic, ‘Réamhcheol: Do Shamhlaigh Mé Tír Nua’ go bhfuil uirlis bhreá ina sceadamán aige agus gur cheart luí isteach ansin píosa níos mó.

Tús iontach é an ‘Réamhcheol’ ach mar a dúirt mé thuas, mhothaigh mé go raibh mé ag iarraidh tuilleadh de ghuth Mhacdara a chluinstin anseo agus tá an píosa ceoil taobh thiar de galánta ar fad. Seans gur aistriú réidh socair ó inteoir gonta a bhí Macdara ag iarraidh ón chéad traic go dtí an dara hamhrán anseo, ach bheinn go mór i bhfách le leagan fada de ‘Réamhcheol’ a fháil uaidh.

Is é an t-atmaisféar agus an domhan a chruthaítear tríd an cheol is mó a thaitníonn liom. Is breá liom amhráin agus albaim a chaitheann isteach in áit agus in am eile thú. Sin go díreach an rud a dhéanann traic teidil an albaim ‘Ar Thaobh Chill an Fhuarthainn’ dom. Nuair a chéadéist mé leis an traic seo, mhothaigh mé gur sa tsíbín a bhí mé, ag fanacht le scéalta ag oíche airneáil cois tine.

D’aon turas, creidim, a rinne Ó Faoláin seo. Sa chéad amhrán eile ‘Who Put the Blood?’ is scéal a fhaigheann muid. Tairgeann Macdara a leagan féin den amhrán pobail dúinn le tacaíocht ó Áine Whelan. Tá tondath álainn ag guthanna na beirte a chuireann le chéile go maith don scéal, agus cuireann Áine ruthaig ghalánta sa chúlra. Tá seo ar cheann de na traiceanna is fearr liom ar an albam.

Tá ‘Peata Beag do Mháthar’ agus ‘Autumn Gold’ ina scíste beag roimh an chéad jig eile. Tagann Cormac McCarthy chun tosaigh ar ‘Peata Beag’ ar an phianó agus cluineann muid ó Lucia McPartlin agus Maria Ryan ar an veidhlín, agus Maria O’Connor ar an dordveidhil ar ‘Autumn Gold’.

Is banger ceart é ‘Shoving Connie Around the Field’. Tá fuadar faoin amhrán a chuireann ‘Téir Abhaile Riú’ nó fuaimrian scannáin i gcuimhne dom. Thiocfadh leat céilí ceart a chur ar siúl leis an amhrán seo amháin ar ‘Athsheinn’.

Tagann ‘Sprús & Mailp’ #1 agus #2 le chéile ar an traicliosta. Taitníonn uimhir a dó liom níos mó ná uimhir a haon ach ní mheasaim go mbeadh ceachtar acu chomh cumhachtach céanna gan an leath eile. Caith orgán béil isteach in #2 agus bheadh baol ann go sílfeá gur sna Sléibhte Apaláiseacha a bhí tú.

Tá cuid III de ‘Partita No. 3’ seinnte go maith ag Macdara anseo mar a bhí cuid VII ar DSMTN… ach is na ceithre thraic dheireanacha a tharraingíonn airde mo chluas. Canann Victoria Adiiye (atá le cluinstin ar an ghiotár ar thraic 8 agus ar an traic seo) faoi ‘Dark Honey’ agus cealg bheiche a leigheas. Ní cealg bheice í i ndáiríribh, agus meafar don mhianach agus comhartha nach mbíonn néal gan ghealán. Déanann Adiiye agus Ó Faoláin jab iontach le liricí Nancy Kerr. Chuirfinn le ‘Who Put the Blood?’ ar an liosta s’agam é.

Mothaíonn ‘Dear Ocean’, traic deiridh an albaim, ar nós cara ag fágáil slán agat go ceann tamaill eile. Léiríonn Cormac McCarthy a chuid tallann ar an phianó arís agus iarrann Macdara tacaíocht ar chór déanta de Victoria Adiiye, Tom O’Brien, Johnny McCarthy, Cormac McCarthy, Pax Ó Faoláin, Cárthach Ó Faoláin, David Munnelly, Conor O’Sullivan, Muireann Ní Shé, Ciara Walton, Áine Whelan. Nuair a thig an cór isteach i dtreo dheireadh an amhráin, mothaíonn sé go bhfuil an t-aigéan féin do mo chumhdach, ar nós pluid mhór chairdiúil.

Is éacht iontach an t-albam seo do Mhacdara, go háirithe i ndiaidh dó a EP a eisiúint in 2024. Léiríonn an togra a bhuanna san ionstraimíocht agus sa cheol, ach tá iarbhlas ar mo theanga arís agus ba mhaith liom tuilleadh amhrán a bhfuil Macdara ag canstan orthu. Sin an t-aon chúis nach dtabharfaidh mé 4 réalta dó. Ach glac an 3.75 le mórtas a chara!

SCÉALTA EILE