Bhí teorainn riamh le ceol dubchéime mar fhórsa cruthaitheach, agus is fada ó d’fhágamar slán le ré órga an tseánra, uair a bhí ceirníní millteanacha mar Midnight Request Line le Skream agus Night le Benga & Coki ag tuirlingt ar sheilfeanna na siopaí ceoil gach ré mí.
Cé go bhfuil lipéid dubhéime na chéad ghlúine mar Tempa agus Deep Medi fós ag treabhadh leo, tar éis do cheannródaithe aitheanta na stíle mar Skream agus Benga an ceol dubchéime a chaitheamh i dtraipisí chun díriú ar stíleanna níos brabúsaí mar house agus EDM, níl cluasa na meán ná cluasa na hipsters dírithe ar shaothair an léiritheora dubchéime, maith nó olc, a thuilleadh.
Bíodh trua againn, mar sin, do Solomon Rose (Silkie).
Tá an tríú halbam leis, Fractals, ar an bhfadcheirnín dubchéime is fearr a bhfuil cloiste ag an scríbhneoir seo an taobh seo de Diary Of An Afro Warrior (2008) le Benga, ach n’fheadar an bhfuil an domhan mór ag éisteacht.
Eisithe ar lipéad nua-bhunaithe leis an léiritheoir Meiriceánach Distal, tá Fractals ar an ndara tráthchuid de cheoldráma spás-lonnaithe ina samhlaítear Silkie mar cheoltóir atá tar éis a bheith fuadaithe ag neacha eachtardhomhanda (extraterrestrial) a chuireann iallach air a chuid ceoil a sheimn ag searmanais theicneolaíochta a mhéadaíonn fad saoil na neach úd.
Ach caith uait é sin mar coincheap.
Tá a nasc leis an gceol féin ró-theibí, caolchúiseach, agus tá rianta Fractals gar don bhfoirfeacht iontu féin mar shaothair éisteachta ar aon nós.
Meascán teann, fuinnúil de ghnéithe grime, ceol dubchéime, r’n’b agus jazz-funk, a sháraíonn fiú an Do The Jazz (2013) breá le Swindle (fear atá le clos i mbun comhoibre le Silkie ar chéad phort an albaim, ‘Moments’).
Ceol chomh casta, grástúil, lán siansaí ceoil go gcuireann sé mearbhall ort ar uairimh.
Is níl an stuif seo ró-mhacánta.
N’fhéadfadh Rose nom de plume níos oiriúnaí ná Silkie a roghnú dá féin, ach más mín, síodúil a theicníocht léiríonn aoibhneas frídíneach ‘Swank’ go bhfuil sé ar a chumas ag Silkie fiacal a bhaint as duine nuair is mian leis.
Lachain ag scátáil ar lochán reoite de liomanáid bhándearg a shamhlófá, b’fhéidir, le giosáil na sintéiseoraí ar ‘Arcada’.
Tá ‘Escape Route’ ina chomhnascadh iontach d’fhuaim techno-bass stábla Direct Beat Detroit agus fuaim UK garage na sean-ré leithéidí Groove Chronicles.
Fiú agus Silkie ag filleadh ar fhuaim grime a luath-cheoil, ar an ‘Entrapment’ oighreach, tá niamh gloiní mealltach ar a chuid oibre.
Éisteofar le Fractals sula bhfógrófar scéala báis an cheoil dubchéime!