Camchuairt na hÉireann fógartha ag Kneecap

Thug rapálaithe cáiliúla Bhéal Feirste scuaird timpeall na Breataine an mhí seo, agus gigeanna móra acu i nGlaschú, Londain agus Manchester, i measc áiteacha eile. Níl na maidí ligthe le sruth acu i ndiaidh na camchuairte sin, áfach, agus ceann eile fógartha acu inniu — an geábh seo ina dtír dhúchais.

Cuirfear tús le The Occupied Six Tour i nGaillimh an fómhar seo agus beidh gigeanna eile ar siúl i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste ina dhiaidh sin. Is ar an 25 Meán Fómhair a bheidh buachaillí Bhéal Feirste ag tabhairt aghaidh ar Chathair na dTreabh, in ionad mór Leisurland i mBóthar na Trá.

Beidh siad i mBaile Átha Cliath in Amharclann an Olympia seachtain ina ndiaidh sin, sular dtabharfaidh siad a n-aghaidh ó thuaidh ar a muintir agus a ndúchas féin sa Telegraph Building i mBéal Feirste. Táthar ag súil le tuilleadh sonraí faoi na gigeanna seo sna míonna amach romhainn.

Roimhe sin, áfach, beidh deis ag Gaeil New York na rapálaithe is cáiliúla i saol na Gaeilge a fheiceáil sa chathair mhór sin an mhí seo chugainn. Beidh Kneecap ag glacadh páirt in Craicfest 22 a bheidh ar siúl sa Mercury Lounge in Manhattan ar an 7 Márta. In éineacht leo beidh John Connors agus Rebel Phoenix. 

SCÉALTA EILE