Camchuairt náisiúnta fógartha ag Kneecap

Beidh na ceoltóirí is mó i saol na Gaeilge, agus i saol an hip-hap in Éirinn, ar camchuairt mhór timpeall na hÉireann arís i mbliana i ndiaidh shéasúr na bhféilte samhraidh. Bhí Kneecap ar an ardán ag Longitude ag an deireadh seachtaine, mar ar mheall siad na sluaite. 

Cuirfear tús le an gcamchuairt ‘Your Ma Hates Ya’ i mí Mheán Fómhair agus tabharfaidh buachaillí Bhéal Feirste aghaidh ar láithreacha móra ceoil ar nós The Academy i mBaile Átha Cliath, Monroe’s i nGaillimh agus an Limelight i mBéal Feirste.

Beidh ticéid ar díol Déardaoin an 11 Iúil ag 10am agus cuirfear tús leis an gcamchuairt náisiúnta ar an 20 Meán Fómhair in Sandino’s i nDoire. Beidh Móglaí Bap, Mo Chara agus DJ Próvaí ag casadh a gcuid ceoil i sé ionad ar fud na hÉireann as sin go lár mhí Dheireadh Fómhair. 

Bhí éileamh mór ar thicéid do chamchuairt Kneecap ag tús na bliana seo. B’éigean don bhanna ceoil dáta breise a fhógairt do Bhaile Átha Cliath, agus díoladh iomlán na dticéad do ghigeanna eile ar fud na hÉireann.  

Tá ag éirí go seoigh le Kneecap ó tháinig siad chun cinn den chéad uair ag deireadh na bliana 2017. Bhí siad ar an ardán in ionaid mhóra ceoil ó cheann ceann na tíre, agus tá seiteanna déanta acu ag cuid de  na féilte ceoil is mó sa tír, Electric Picnic ina measc. D’eisigh siad albam an samhradh seo caite agus tá roinnt mhaith singlí eisithe acu ó shin. 

Seo thíos dátaí na camchuairte:  

Sandino’s, Doire 20 Meán Fómhair

Cypress Avenue, Corcaigh 21 Meán Fómhair

Dolan’s, Luimneach 24 Meán Fómhair

Monroe’s, Gaillimh  26 Meán Fómhair

Academy, Baile Átha Cliath 3 Deireadh Fómhair

Limelight, Béal Feirste 12 Deireadh Fómhair 

SCÉALTA EILE