Captain of None


Le trup trap agus gleo gan stad an tsaoil seo is eisceacht mar chumadóir í Cecile Schott (Colleen) na Fraince.

Muna bhfuil an giúmar ar Schott ceol a dhéanamh fanann sí ina tost.

Ach nuair a bheartaíonn Schott albam úr a eisiúint bíonn i gcónaí forbairt shonrach ar fhuaim Colleen le clos.

Bailiúchán de shuantraithe fíneáilte sampla-bhunaithe a bhí ina céad albam (Everyone Alive Wants Answers, 2003).

D’albam uimhir a dó (The Golden Morning Breaks, 2005) thug Colleen faoin gceol ar fad a sheimint í féin ar uirlisí mar an giotár, an dordveidhil, an ceolbhosca, an ucailéile agus gloiní ceoil ón 19ú déag.

In 2007 dhein sí albam de cheol comhaimseartha a thaifeadadh ar ghléasanna barócacha (Les Ondes Silencieuses), agus nuair a d’fhill sí chugainn in 2013 (The Weighing Of The Heart), tar éis hiatas cúig bliana, chualamar ag canadh don gcéad uair í.

Saothar é Captain Of None a bhfuil tionchar an dub-cheoil Iamácaigh le brath ann, ach é láimhseáilte go fíneáilte, sofaisticiúil.

Tá Colleen faoi dhraíocht ag an dub ón uair ar chuala sí ceol Lee Scratch Perry ar dtús agus í in aois naoi mbliana, ach seo an chéad uair a raibh dord-línte cearta le clos ina cuid oibre.

Ach cé go bhfuil formhór d’amhráin Captain Of None báite le haisfhuaimniú agus moilliú fuaime ná bí ag súil le raimhre fhrithbhuailteach an dub Iamácaigh – tá poirt mar ‘Holding Horses’ ar nós lapadaíl bhog na farraige ar do chluasa i lár an tsamhraidh.

Is ar an treble viola da gamba (gléas barócach) athsreangtha agus casta mar a chasfá giotár a roghnaigh Colleen an chuid is mó de Captain Of None a thaifeadadh.

Tá an toradh níos cosúla le ceol Arthur Russell ná King Tubby, cé go músclaíonn séiseanna seadánacha Salinas Stars spiorad Augustus Pablo.

Tá ráite ag Colleen go mbraitheann sí coibhneas de shaghas le Russell tar éis di beathaisnéis an cheoltóra (Hold Onto Your Dream leis an údar Tim Lawrence) a léamh, agus tá tionchar Russell soiléir le clos ar amhráin mar ‘Lighthouse’ agus an ‘Eclipse’ crithlonrach.

Amhráin phearsanta iad seo, na hamhráin a theastaigh ó Schott a chumadh riamh deir sí.

Saorsceitsí de bhuairt agus d’áthas intinne an duine daonna atá cripteach go leor le gur féidir leis an éisteoir a rud féin a thuiscint uathu.

Albam lán séiseanna geala ag eitilt timpeall ort ar nós chéad fháinleoga scleondracha an tsamhraidh.


SCÉALTA EILE