Cath na nAmhrán

Méabh Ní Bheaglaoich (thuas), Pádraig Jack (thíos), Sonny Ní Chathasaigh… níl ansin ach cuid de na amhránaithe a bheas ag tabhairt aghaidh ar an ardán ag Comórtas Amhrán Pan Cheilteach 2017, a bheas ar siúl in Óstán Seven Oaks i gCeatharlach oíche Shathairn, 25 Feabhra.

Ochtar amhránaithe déag a bheas páirteach sa chomórtas bliantúil, a thabharfaidh cumadóirí agus ceoltóirí comhaimseartha le chéile d’oíche mhór cheoil.

Rachaidh an té a bhuafaidh ar aghaidh le canadh ar son na hÉireann sa chomórtas idirnáisiúnta, ach gheobhaidh siad trófaí agus €1000 chomh maith. €200 agus €100 a gheobhaidh na ceoltóirí a thagann sa dara agus tríú háit.

Is amhráin nua-chumtha ar fad atá san iomaíocht agus cuirfear iad i láthair an lucht féachana agus na moltóirí.

Is faoi thriúr a bheidh cinneadh na hoíche, sin iad an t-amhránaí Deirdre Nig Eanruig, an léiritheoir teilifíse Brian Páircéir agus Seathrún Ó Casaide, duine de mhuintir/de bhaill an bhanna Na Casaidigh.

Beidh an ceoltóir agus amhránaí Eric de Buitléir ina aoi speisialta i rith an imeachta.

Cloisfear an buaiteoir mar aon leis na hionadaithe ó Albain, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, Corn na Breataine agus an Bhriotáin ag an bhféile idirnáisiúnta féin, a bheidh ar siúl i gCeatharlach chomh maith i mí Aibreáin.

Ceiliúradh bliantúil é an Fhéile Phan-Cheilteach ina nglacann daoine as Éirinn, Albain, Oileán Mhanann, An Bhreatain Bheag, Corn na Breataine agus an Bhriotáin páirt agus a chuireann teangacha agus cultúr na dtíortha Ceilteacha chun cinn.

Tá an comórtas idirnáisiúnta d’amhráin nuachumtha i dteangacha Gaelacha agus Briotanacha ar bhuaicphointí na féile agus amharctar air mar ‘Eoraifís’ Cheilteach.

Beidh Féile Phan-Cheilteach 2017, an 44ú ceann go dtí seo, ar siúl i gCeatharlach ar an 18-22 Aibreán. Breis eolais ar panceltic.ie

SCÉALTA EILE