Déanfar ceiliúradh ar cheoltóirí na hÉireann a chuir scoth an cheoil amach le linn 2015 ag Duais Cheoil Choice anocht ar Shráid Vicar, BÁC.
Beidh craoltóir 4FM Barbarba Nic Dhonnacha i láthair. Chaith sí súil ar liosta na n-ainmniúchán agus í ag tuar na mbuaiteoirí!
Baileoidh ceoltóirí, na meáin agus pobal ceoil na tíre le chéile in Vicar Street, BÁC, anocht, tráth a bheidh bronnadh na ngradam ‘Duais Cheoil Choice’ ar siúl.
Oíche mhór cheoil atá geallta, lena linn a mbronnfar duaiseanna, agus a mbeidh Colm Mac Con Iomaire i mbun ceoil, mar aon le Gavin James, Ham Sandwich, Le Galaxie, Soak, Villagers, All Tvvins, Daithi, Otherkin, Fight Like Apes.
Ó 2005, tá na gradaim Choice ag mealladh suim an phobail éisteachta in Éirinn i dtreo cheol na hÉireann, agus é aitheanta i measc cheoltóirí na tíre mar cheann de na buaicphointí san fhéilire ceoil.
€10,000 an duais le haghaidh Albam na bliana!
Ní amháin go gcabhraíonn an t-airgead go mór leis an mbuaiteoir, ach is iontach an deis atá ina leithéid de ghradaim ceiliúradh a dhéanamh ar na ceoltóirí maithe s’againn féin.
Mar sin, cé atá san áireamh don duais i mbliana?
Níl a fhios agam an mbeidh mórán seans ag Jape arís, is é Richie Egan & Co an t-aon bhuíon a bhuaigh an duais faoi dhó.
Bhuaigh The Gloaming an mórdhuais anuraidh le haghaidh ‘Albam na Bliana’ agus ba dheas Colm Mac Con Iomaire – Agus Anois an Aimsir a fheiceáil ag buachan i mbliana.
Tá an-chaint ar Girl Band le tamall anuas, ní thuigim go hiomlán an fuilibiliú sin ach ní fhaca mé ar stáitse fós iad.
Ceapaim go mbeidh an bua ag SOAK, Ham Sandwich nó Le Galaxie ach beidh an focal scoir ag na moltóirí!
Moltóireacht agus Vótaí?
Is painéal moltóirí a roghnaigh na hainmniúcháin agus déanfaidh siad cinneadh ar an albam a thabharfaidh leis an duais iomráiteach.
Is meascán de vótaí na moltóirí, cairteacha craolta Éireann agus DJs Today FM a roghnaíonn an liosta.
Tugadh an seans ansin dúinne ar fad an cinneadh a dhéanamh agus deis tugtha don bpobal vóta a chaitheamh ach ní vóta amháin a bhí i gceist, bhí cead vóta a chaitheamh gach 24 uair an chloig!
Déarfainn go mbeidh tionchar aige sin ar an toradh. Bhí vótaí á gcaitheamh ar líne agus má bhíonn níos mó lucht leanúna agat ar líne, b’fhéidir go mbeifeá níos mó sa seans.
Seo iad na hamháin atá ar an ghearrliosta.
The Academic – Different (Room 6 Records)
All Tvvins – Thank You (Warner Music)
The Coronas – How This Goes (Universal Music)
Daithi – Mary Keanes Introduction (Féin Eisithe)
Fight Like Apes – Pretty Keen On Centrefolds (Alcopop! Records)
Hozier – Someone New (Universal Music)
Gavin James – Bitter Pill (Warner Music)
Kodaline – Ready (Sony Music)
Otherkin – Ay Ay (Rubyworks)
Pleasure Beach – Go (Faction)
The Script Superheroes a bhuaigh anuraidh agus bhuaigh Gavin James an duais seo cheana.
Beidh mé sásta le cibé amhrán a mbeidh an bua aige i bhfírinne.
Is iontach an smaoineamh a bhí ag Daithí lena amhrán ‘Mary Keanes Introduction’ agus nuair a chonaic mé All Tvvins sa Róisín Dubh i nGaillimh tharraing siad an slua ar fad amach ag damhsa!
Ní bheadh iontas orm dá mbeadh an bua ag Hozier ná The Coronas ach ba dheas aitheantas a thabhairt do Fight Light Apes nó Pleasure Beach.
Nach maith an tús a bheadh ann mar gurb é ‘Go’ an chéad amhrán leo.
Is é ‘Different’ an t-amhrán is fearr a bhí ag The Academic go dtí seo ach ní dóigh liom go mbeidh an bua aige.
Cibé duine/banna a thabharfaidh leo na gradaim bígí cinnte go mbeidh scoth na hoíche ann agus ceol ‘déanta in Éirinn’ sna cluasa againn!
Osclófar na doirse ag 6.30in agus mura féidir bheith i láthair beidh clár 4 huaire beo á chraoladh ar Today FM, agus á láithriú ag Paul McLoone. Tuilleadh eolais anseo!