Tá Cian Ó Cíobháin, láithreoir an chláir cháiliúil ceoil An Taobh Tuathail ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ar thóir na “dordlínte is fearr i stair an cheoil” le casadh ar eagrán comórtha a chláir i mbliana. Beidh ATT ar an aer 19 mbliana ag tús na míosa seo chugainn agus tá iarrtha ag Cian ar a lucht éisteachta moltaí a chur chuige an mhí seo faoi na hamhráin a bhfuil dordlínte maithe láidre iontu.
Chuile bhliain, roghnaíonn fear Chiarraí téama faoi leith don chlár dá ‘lá breithe’ agus tugann sé cuireadh don lucht éisteachta a rogha siúd a chur isteach aige le bheith san áireamh don chlár Lá Bealtaine.
“Tá rud éigin rúndiamhair faoin dordlíne i gceol. Braitheann tú é ag preabadh istigh i do chliabhrach agus tá cumhacht faoi leith ag baint leis, ar chúis éigin. Is cuimhin liom go leor oícheanta mar sin, ar an urlár damhsa ag raves in Brixton Shasana, nó an chéad uair gur chuala mé Mount Kimbie i nGaillimh go gairid tar éis dá gcéad albam a theacht amach. Bhí mé faoi dhraíocht agus faoi smacht ag an dord.
“Nuair a bhím ag éisteacht le ceol i mo stiúideo sa bhaile, tá roinnt tiúineanna a chasaim a chuireann na CDs ag preabadh nuair a thosaíonn an dordlíne, agus sin an cineál ceoil atá uaim do #ATT19 ar an 1 Bealtaine i mbliana,” a dúirt Cian.
Craoladh An Taobh Tuathail den chéad uair sa mbliain 1999, tráth nach raibh cead ceol Béarla a chasadh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar chor ar bith. Mheall an clár ailtéarnach lucht éisteachta ar leith i gcaitheamh na mblianta leis an rogha dhifriúil cheoil, ó gach cearn den domhan, a chastar ar air agus tá lucht leanúna dílis ag Cian i gcónaí.
Féadtar moltaí d’eagrán comórtha a sheoladh chuig an gclár faoin haischlib #ATT19 ar na meáin shóisialta, ar Spotify nó ar ríomhphost chuig att@rte.ie. Craolfar an clár Dé Máirt an 1 Bealtaine ag 22.00 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.