Is deas a bheith ag dreapadh na gcnoc, ach uaireanta níl aon áit níos deise ar domhan ná istigh i lár clibirte ar an urlár rince ag an dioscó indie.
Bogmheisce ort, do chairde timpeall ort, liricí gach amhráin ar eolas ag gach éinne. ‘Pounding’ le Doves ag stealladh as na callairí. Nó ‘Rebellion (Lies)’ de chuid Arcade Fire. Nó, agus mo chéad chuairt eile ar an dioscó indie á shamhlú agam, an leagan téagartha de ‘Bodys’ le Car Seat Headrest atá le clos ar an leagan iomlán nuathaifeadta seo den albam Twin Fantasy ón bhliain 2011.
Níl liricí ‘Bodys’ ar eolas ag mo chairde fós, ach measaim go mbeidh i gceann míosa.
“These are the people that I get drunk with,
These are the people that I fell in love with”
Tá Twin Fantasy ar cheann de naoi n-albam a thaifead Will Toledo (Car Seat Headrest) ina sheomra leapa, agus a d’eisigh sé é féin ar Bandcamp, idir na blianta 2010-3. Shínigh Toledo conradh le ceirníní Matador in 2015, ag cinntiú nach ag saoithíní ceol indie an bhlagaisféir amháin a mbeadh ceol eachtrúil slacker rock Car Seat Headrest le clos.
Déarfaidh roinnt de na saoithíní céanna leat go bhfuil Twin Fantasy ar cheann de na halbaim indie is fearr a eisíodh ó thús an chéid. Fiú mura raibh sin fíor i gcás an bhunleagain, tá i gcás eisiúint an leagain nuathaifeadta seo.
Gan de threalamh taifeadta ag Toledo ach ríomhaire glúine agus na hamhráin seo á dtaifeadadh aige an chéad bhabhta, bhí srian ar a uaillmhian. Tá caighdeán na fuaime an-ghéar, d’fhonn is dá mbeadh sé taifeadta i dteach gloine. Faoi dheireadh tá an t-éadach fuaime á chrochadh ag Toledo ar amhráin eipiciúla mar ‘Beach Life In Death’ agus ‘Famous Prophet Minds’ den chaighdeán a bhí tuillte riamh acu.
Ní gach duine a bheidh meallta ag snas agus glaine leagan 2018, gan dabht, ach bíodh acu — agus beidh, agus leagan 2011 san áireamh mar dhiosca breise leis an dlúthdhiosca nua.
Amhráin iad seo a chum Toledo is gan é ach 19 bliain d’aois. Amhráin faoin bpointe sin nuair a chasann úsáid ócáideach drugaí ina andúil (‘High To Death’), faoi theacht amach mar fhear óg homaighnéasach (‘Beach Life In Death’), agus faoi fhuarú léanmhar an chéad ghrá (‘Famous Prophets Minds’).
Fiú is Toledo tar éis dul in aois, maireann fírinneacht eisiach théamaí na n-amhrán seo, gliceas liricí Toledo agus dinimiceas damanta a chuid rifeanna.
Cíorann Toledo níos nó smaointe maithe in amhrán amháin ná mar a dhéanann gnáth-ghrúpa ceol indie in albam iomlán. Tá sé ina chabhair chuige sin, is dócha, go mbeadh dhá amhrán ar Twin Fantasy tuairim agus 15 nóiméad ar fhaid.
Tá tionchar soiléir Pavement, The Strokes agus Pixies le clos, agus Killers, fiú, i gcás ‘Nervous Young Inhumans’, ach níl aon amhras riamh ach gur duine ann féin Toledo.
Athchuairt teanntásach ar sheoid é Twin Fantasy 2018. Umhlaím do rí úr díograiseach an cheoil slacker rock.