Cén stáisiún raidió atá ar fáil do ‘country bumpkins’ na hÉireann?

Bhí brionglóid agam an lá cheanna go raibh mé ag tiomáint sa bpick-up truck a thug m’uncail ar iasacht dom an fhad agus atá mé i Meiriceá, agus go raibh mé in ann Sirius XM a fháil ar an raidió.

Anois mura bhfuil tú cinnte céard é Sirius XM, is comhlacht iad a chuireann 450 stáisiún raidió ar fáil ar fud fad Mheiriceá thrí chóras satailítí dóibh siúd a íocann go míosúil lena fháil. Ciallaíonn sé sin gur féidir leat an cineál raidió a thaitníonn leat féin a fháil (as 450 stáisiún tá rud éicint ann do chuile dhuine – ach amháin RTÉ RnaG) in áit ar bith sna Stáit Aontaithe. Ní rud réigiúnach atá ann ar nós raidió FM, agus ní bhíonn ort cur suas le fógraíocht ar chor ar bith.

Ar aon chuma tá sé seo ag m’uncail agus ag mo chol ceathrar ina gcuid trucailí (mar atá sé i gcarr chuile dhuine eile sa tír) ach mar gheall gur seantrucail í mo cheannsa níl agam ach raidió FM.

Mar sin bhí an-díomá orm nuair a dhúisigh mé agus inseoidh mé duit cén fáth. An t-aon dá stáisiún raidió atáthar in ann a fháil thart anseo ar thonnta FM a chasann ceol tíre, casann siad an cúig amhrán déag céanna arís agus arís eile i gcaitheamh an lae, chuile lá den tseachtain ar feadh an tsamhraidh. An t-aon uair a bhíonn faoiseamh le fáil ó na hamhráin sin ná nuair a ghlacann siad le hiarratais ó éisteoirí ar feadh dhá uair an chloig chuile lá.

Is é an fáth a gcuireann sé seo as domsa ná gur cineál snob mé maidir leis an gceol tíre a thaitníonn liom. An stuif atá sna cairteacha faoi láthair, is éard a thugtar air ná ‘bro-country’, ‘boyfriend-country’ agus ‘pop-country’. Cuireann sé soir mé.

Is é an fáth a bhfuil ag éirí go maith leis na hamhráin sin ná gur fosheánraí iad a dhéanann iarracht daoine, nach dtaitneodh “fíor”-cheol tíre leo, a mhealladh isteach le tuilleadh airgid a shaothrú do na stiúideonna móra seo. Amhráin gan chroí gan bhrí, smaointe agus mothúcháin ginearálta a d’fhéadfaí a chur le scéal ar bith faoi dhuine ar bith. 

Is deise liomsa i bhfad amhráin ina n-insítear scéalta (is amhránaí ar an sean-nós mé mar sin ní nach ionadh é go meallann an scéalaíocht mé), ar féidir pearsantacht an amhránaí a chloisteáil ann agus is aoibhinn liom an fhuaim thraidisiúnta atá ag ceol tíre; an fhidil ach go háirid. Tá Tyler Childers ar dhuine de na samplaí is fearr d’fhear óg ag casadh stuif níos traidisiúnta.

Seachas sin céard a thugtar dúinn sna fosheanraí nua seo ach an íomhá chéanna arís agus arís eile, gan rud ar bith á phlé ach ábhair ‘shábháilte’, á chur le foinn a airíonn níos cosúla agus níos cosúla le ceol pop. Ní haon locht atá mé a fháil ar cheol pop ach an oiread ach mar a dúradh sa Quiet Man “when I drink whiskey, I drink whiskey and when I drink water, I drink water”.

Ar aon chuma tá stáisiúin ar Sirius XM a chasann an cineál ceol tíre a thaitníonn liomsa. Prime Country, Willie’s Roadhouse (stáisiún pearsanta Willie Nelson) agus Red White and Booze. Bíonn stuif mhaith ar The Highway, The Garth Channel (stáisiún Garth Brooks) agus ar Y2Kountry freisin ach ní bhíonn siadsan chomh maith céanna chomh rialta leis na ceanna eile. 

Sin é an fáth a raibh brionglóid agam faoi. Agus thosaigh mé ag smaoineamh ar an mbaile ansin. Céard atá ar fáil do na country bumpkins in Éirinn? Tá mé a cheapadh go bhfuil stáisiún i nDún na nGall ach má tá féin níl mise in ann é sin a fháil i nGaillimh. Seachas sin níl ann ach an dá uair an chloig a bhíonn ag Josie Chóilí Óg ar Tequila Tíre chuile oíche Dé Domhnaigh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. (Nár laga Dia thú a Josie agus go mba fada buan thú féin agus Tequila Tíre.)

Dá bhrí sin, bíonn orm mo Spotify féin a chur ag imeacht sa gcarr ach ciallaíonn sé sin nach gcloiseann mé stuif nua chomh minic céanna agus nuair a chloiseann is mar gheall go ndeachaigh mé féin ag tóraíocht. Is maith liom rud nua a chloisteála ar an raidió a thaitníonn liom, agus ina dhiaidh sin a ghabháil á chur ar mo sheinnliosta ach is dóigh nach bhfuil an dara rogha agam faoi láthair.

SCÉALTA EILE