Ceol anamúil Séga ó Oileán Mhuirís

Cad é seo, go díreach?

Soul Sok Séga – Séga Sounds From Mauritius 1973-79: Scór amhrán Séga, ceol traidisiúnta Oileán Mhuirís (Mauritius), curtha le chéile do cheirníní Strut ag na dioscmharcaigh / bailitheoirí ceoil Natty Ho agus Antoine Tichon.

Tá Oileán Mhuirís le haimsiú san Aigéan Indiach, 2,000km soir ó dheas ó chósta na hAfraice.

Bhain Oileán Mhuirís neamhspleáchas amach ón Bhreatain in 1968, ach ba choilíneacht Fhrancach í idir na blianta 1715 agus 1810.

Cúis í seo go gcantar amhráin Séga i gCriól Fraincise, cé go raibh rithimí agus drumaí na sclábhaithe Afracacha a d’iompar na Francaigh go dtí an t-oileán mar bhunús leis an gceol Séga féin.

Léargas é Soul Sok Séga ar ré órga an cheoil Séga sa tréimhse 1973-79.

Choimeád na húdaráis choilíneacha agus an eaglais Chaitliceach – ní nach ionadh – ceol Séga faoi chois síos tríd na blianta.

Cé go raibh Séga ina shiombail dá mórtas náisiúnta ag gnáthmhuintir na tíre ós na 50í ar aghaidh, ba le teacht an neamhspleáchais a tháinig bláth ceart ar Séga.

Bhí Oileán Mhuirís na 70í ag ceiliúradh le fuaim nua Séga níos funcaí agus níos anamúla de dheascadh spéis na gceoltóirí Séga i bhfuaimeanna úra pop, func agus snag-cheoil.

D’éirigh an ceol níos neartmhaire freisin, buíochas d’aimplitheoirí agus gléasanna ceoil leictreach.

An bhfuil aon mhaith ann?

Cuirfidh func éadrom scaoilte Séga fonn ort do sciorta féir a chaitheamh ort is do chromáin a luascadh, is cuma más fear nó bean tú!

Leoithní farraige trópaiceacha dos na cluasa iad poirt mar ‘Manuel Bitor’ le John Kenneth Nelson agus ‘L’amour Articiel ‘ le Coulace.

Tugtaí “Serge Gainsbourg Oileán Mhuirís” ar Choulace tráth as a chur i láthair anghrách anamúil.

Tá idirghníomhú meallacach le clos ar ‘Pop Soul Séga’ idir thormáil na ndrumaí agus amhránaíocht amh stadach Cyril Labonne.

Cuireann Michel Legris stíl réchúiseach shicidéileach faoinár mbráid i bhfoirm ‘Elida’.

Lena chantaireacht mhacallach is é an ‘Afro Mauricien’ ríméadach de chuid Georges Jean Louis buaicphointe an bhailiúcháin seo.

Laigí?

Níl aon chúis dhíomá anseo más spéis leat func-cheol trópaiceach in aon chor.

An breithiúnas?

Ábhar iontais ó oileán i bhfad i gcéin.

SCÉALTA EILE