Ceol ar mire le háthas

Yíhááá!

Ag teacht chugainn cruinn díreach as cúlsráideanna Soweto na hAfraice Theas, tá ceol aifrea-thodhchaíodh Nozinja, bunaitheoir na stíle shangaan electro, ina iontas.

Athbhútáil ag hipear-luas é shangaan electro ar cheolta áitiúla mar tsonga disco agus kwaito house – fuaim dírithe ar an rinceoir atá níos crua, níos tapúla agus níos leictreonaí ná aon rud a bhí le clos i Soweto roimhe.

Ach níl fuaim Nozinja trom in aon chor.

Tá poirt mar ‘Nwanga’ agus an singil ‘Tsekeleke’ tógtha as glóranna tanaí, gealla léirithe ar shintéiseoirí fíorshaora.

Táid lán d’amhránaíocht mhacallach dhúchasach, glóranna bíogúla a chuirfeadh Chipmunks Walt Disney i gcuimhne duit agus buillí a thagann ag ráibeáil amach as na callairí chomh tapaidh sin go measfá go raibh gach ceann ag iarraidh cor coise a chur sa bhuille a tháinig roimhe.

Cé go bhfuil formhór de rianta Nozinja Lodge léirithe ag luas 180bpm is beag dord a bhfuil iontu.

An toradh ná ceol ar mire le háthas a bhfuil spleodar tógálach ag baint lena bhfuinneamh gluaiseachta.

Tá tuairim agus 25 albam eisithe ag Nozinja ina thír dhúchais le deich bliana anuas, ach seachas cnuasach dá chuid léiriúchán a d’eisigh lipéad Damon Albarn, Honest Jon’s, siar i 2010 (Shangaan Electro – New Wave Dance Music From South Africa) seo albam début idirnáisiúnta an fhir.

Ná caill é.


SCÉALTA EILE