Caomhnaítear anam ré ina ceol. Ní féidir le haon mheán ealaíne eile míshuaimhneas atmaisféarach a shonraíonn aois ar leith a thiomsú i sárshaothair lán le heagla, dúshlán, agus dóchas ar an mbealach céanna. Cé acu a n-imríonn tionchar orthu, an chontúirt timpeallachta nó an deighilt pholaitíochta, maireann zeitgeist aon tréimhse ina hamhráin.
Bhí cor cinniúnach os comhair ár sochaí i lár na ndeich mbliana seo caite. Bhí an Breatimeacht, Trump ag teacht i dtreise, agus rabhaidh aeráide romhainn. Mar is minic a tharlaíonn, áfach, tháinig rud éigin álainn as an tréimhse chontúirteach seo. Ag an am sin, sílim gur thosaigh ceol príomhshrutha ag tabhairt aghaidh ar an tsochaí, in ionad bealach éalaithe uaithi a thairiscint. I rith na ndeich mbliana seo caite, chonaiceamar athbhorradh faoi cheol ár dtírdhreacha cultúrtha. Spreag an ré éiginnteachta agus suaite seo ceoltóirí chun a gcuid léirithe a chruthú ar ord domhanda a bhí ag imeacht le sruth. I measc na mbannaí is fearr a chuimsigh an aois seo ná Bastille, Florence + The Machine, agus The National.
Sa lá atá inniu ann, leanaimid orainn ag dul i ngleic leis na fadhbanna céanna a bhí roimh na ceoltóirí seo deich mbliana ó shin. Go deimhin, is amhlaidh atá a n-ábharthacht méadaithe le ceannasaíocht dhomhanda thaghdach, cogaíocht bhrúidiúil, agus tubaistí aeráide. Cloistear fós macalla den mheath sóisialta, ceannairceacht, agus teacht aniar i gceol 2025. Tá fócas na dtéamaí seo bogtha ó indie agus rac go dtí ceol tíre agus hip-hop, le Phoebe Bridgers agus Kendrick Lamar ag cur feasacht shóisialta faoi bhráid na n-éisteoirí. Níos luaithe sna deich mbliana, thug albaim ar nós Wild World le Bastille, How Big, How Blue, How Beautiful le Florence + the Machine, agus Sleep Well Beast le The National ár gcíor thuathail le fios agus rinne siad iarracht conair chun tosaigh a lasadh.
Is léiriú é Wild World (2016) ar d’fhoras a fháil i ndomhan scoilte, le popcheol cineamatach agus prásrifeanna toirniúla lán le meath sochaíoch. Is i ndiostóipe atá an t-albam suite ina bhfuil na meáin go léir faoi smacht ag comhlacht samhailteach, WWCOMMS. Léargas íorónta é seo ar méadú na ‘bréagnuachta’ ag am a eisiúna. Géaraítear sáithiú na meán le ‘The Currents’, cáineann siad bolscaireacht dheighilteach: “Think about the power of your words.” Cloíonn ‘Good Grief’ le cumha i lár báis agus éadóchais: “Every minute and every hour, I miss you more.”
Tá How Big, How Blue, How Beautiful (2015) le Florence + The Machine lán le cíor thuathail na ndúl, le híomháineachas de stoirmeacha agus d’fharraigí ag léiriú scrios timpeallachta agus pearsanta araon. Tugann a bpopcheol cumhachtach aghaidh ar ár ndúshláin in ionad géilleadh dóibh. Spréachann ‘What Kind of Man’ le feall agus díomá, agus feicim ‘Ship To Wreck’ mar mheafar don fhéinscrios atá i ndán don chine daonna. Cruthaíonn cliseadh uirbeach Bastille agus íomhánna nádúrtha Florence léargas ilghnéitheach ar ár n-achrann reatha.
Cuireann Sleep Well Beast (2017) neart machnamhach leo. Léiríonn ‘beithíoch’ an teidil scoilt mhall pholaitiúil shóisialta. Cuireann an t-albam béim ar dhóchas ag titim as a chéile le ‘The System Only Dreams in Total Darkness’: “I thought that this would all work out after a while.” Tá domhan liathghorm leamh ag gabháil leis an albam, ag cur corparáideachas agus faireachas i gcuimhne dúinn.
Murab ionann is díomá mhíshocair Bastille ná cumhacht fháidhiúil Florence, géaraíonn guaim bhrónach de chuid The National fís choiteann na n-albam. Cé go gcuirtear iad in iúl ar bhealaí an-éagsúil, is iad na trí albam seo freagraí ar aighneas le héadóchas agus meath.
Sna 2020idí, tá athrú tar éis teacht ar sheánraí na dtéamaí seo, ach tá siad fós suntasach. Caoineadh ceol tíre indie é Punisher (2020) le Phoebe Bridgers a dhíríonn ar éadóchas agus tarrtháil. Tá imní le brath ar fud ‘I Know The End’: “The billboard said ‘The End Is Near’.” Ní saineolaí mé ar hip-hop, ach is léir fiú domsa go n-úsáideann Kendrick Lamar a chumas critíce sóisialta ar GNX (2024) chun dul i ngleic leis na hachrainn chéanna in amhráin ar nós ‘Luther’.
Tá oidhreacht sheanbhunaithe hip-hop an fhírinne a rá amach go neamhbhalbh beo beathach. Ní bheadh iontas ar bith orm dá mbeadh an seánra ar thús cadhnaíochta de chritíc shóisialta i ndomhan scoilte sa todhchaí. Leanann eaglaí agus coimhthíos ar aghaidh, agus tá an fhreagairt ceoil chomh lom anois agus a bhí. Gríosaíonn ár ré aintiúin a théann i ngleic le domhain atá ag meathlú, go litriúil agus go fíortha, le cumhacht chruthaitheach.
Léiríonn an fhís seo ról síoraí an cheoil. Cuireann na halbaim seo an cheist chéanna: conas mar a mhairfimid i ndomhan trí thine? Is cuid den réiteach eagla a athrú go dóchas. Trí rianta agus aislingí a réanna a chur in iúl, tá bealach cothaithe ag na ceoltóirí seo chun cur in aghaidh an phobalachais, an cogaidh, agus an scriosta timpeallachta. Le corraíl na ndeich mbliana seo caite fós linn, iarrann a gceol orainn aghaidh a thabhairt go díreach uirthi, deachtóirí agus forlámhaithe ár ndomhain a cháineadh, agus fuaim a dhéanamh dár gciúnas.