Togra ceoil é Acid Arab a bhunaigh beirt dioscmharcach as Páras na Fraince, Guido Minisky agus Hervé Carvalho, thiar in 2012 mar iarracht chun spás a chruthú don chultúr Arabach i saol an cheoil leictreonaigh chomhaimseartha.
Chomh maith lena gceol féinléirithe do cheirníní Versatile sa Fhrainc, tá Minisky agus Carvalho freagrach as Acid Arab Collection (2013).
Tiomsachán é sin a bhailigh le chéile scoth an cheoil leictreonaigh a bhfuil blas an cheoil Arabaigh air agus a bhí léirithe ag leithéidí I:Cube, Pilooski agus Crackboy.
Dá n-albam début, tá ceoltóirí ó chúinní éagsúla an domhain Arabaigh meallta doras an stiúideo isteach ag Acid Arab, uaisle mar Rachid Taha na hAilgéire agus an ceoltóir Coirdíneach Rizan Sa’id (ó ghrúpa Omar Souleyman) ina measc.
Tá amhrán Rachid Taha (‘Houria’) ina eisceacht anseo i measc rianta don urlár rince. Píosa trip hop dorcha lán doird é a shamhlófá le Tricky, dá mbeadh sé tar éis fás aníos ar imeall chathair Algiers seachas Knowle East ar imeall chathair Bhriostó.
Ar an taobh eile den scéal, tá an dá phort a léiríodh i dteannta Rizan Sa’id (‘Le Disco’ agus ‘A3ssifa’) ar na cinn is laige anseo.
Is beag an difríocht idir iad agus ‘Shaabi street sound’, píosa fuinniúil de chuid Omar Souleyman.
I bpoirt Rizan Sa’id tá rithimí casta Arabacha ar mheaisíní drumadóireachta.
Tá próiseáil leictreonach déanta ar fhuaim an bhasúcaí, agus tá an rebab seinnte ar luas lasrach.
Gan screadaíl Souleyman ar a bharr, tá blas róláidir na cáise ar fhuaim ghlan ghléas Sa’id.
Is fearr go mór stíl dhorcha, corraitheach, shícideileach ‘Sayarat 303’, agus fuinneamh tógálach ‘La Hafla’.
Mo rogha féin agus mé ag dioscmharcaíocht sna clubanna na laethanta seo ná electro hiopnóiseach ‘Stil’ i dteannta Cem Yildiz as an Túirc.
Nuair atá deich nóiméad saor agat, caith ‘Tamuzica’ i dteannta Jawad El Garrouge ar na cluasáin.
Port i stíl thraidisiúnta gnawa muintir Mharacó atá ann agus is é an píosa is orgánaí anseo é.
Molfar a ngaiscíocht fhorásach, ach ag an am céanna measaim nach ndéanfadh sé aon díobháil do Acid Arab an meaisín drumadóireachta a fhágaint ag baile níos minice.