Tá muidne anseo ag NÓS ag baint an-taitnimh go deo as an amhrán iontach Bascaise seo le tamall anuas, agus as an bhfíseán áirithe seo de ach go háirithe.
‘Negua Joan Da Ta’, nó Tá An Geimhreadh Ag Imeacht, is teideal don traic agus is é an banna Bascach Zea Mays (a chiallaíonn Grán Buí sa Laidin!) atá á cheol ach an rud iontach faoin fhíseán seo ná go bhfuil cailín Ainhoa Moiua ag cur teanga chomharthaíochta na Bascaise leis chomh maith!
Tugann a léiriú fisiciúil an-bheocht don amhrán, atá cheana féin greamúil go leor, agus chuir sé ag smaoineamh muid – an bhfuil aon cheoltóir Gaelach amuigh ansin a bheadh in ann físeán ar leith a chur lena cheol féin nó fiú léiriú teanga chomharthaíochta a dhéanamh?!