Ní raibh fuaim na ngormacha gaineamhlaigh (desert blues) a shamhlaítear le muintir Tuareg an tSahára riamh chomh mín, scaoilte, réchúiseach agus atá anseo ar albam début Imarhan na hAilgéire.
Mheasfá uaireanta agus tú ag éisteacht le fuaim chranrach, riastartha grúpaí mar Tinariwen agus Mdou Moctar go raibh leoithne gaoithe tar éis gaineamh an fhásaigh a shéideadh isteach sa trealamh taifeadta.
Ar Imarhan cloistear ceol Tuareg léirithe le snas i gcomhthéacs uirbeach – agus ambaiste ach go bhfuil pléisiúr le baint as!
Níl aon easpa measa i gceist nuair a deirtear gur ceol gormacha gaineamhlaigh don éisteoir iasachta é Imarhan.
Níl struchtúr an cheoil seo chomh traidisiúnta le Etran Finatawa ná na grúpaí thuasluaite; mar sin féin, níl droim láimhe tugtha ag Imarhan dá bpréamhacha ach an oiread.
Tá gaolmhaireacht láidir idir ceol Imarhan agus fuaim Tinariwen (is col ceathrar de chuid Eyadou Ag Leche ó Tinariwen é ceann feadhna Imarhan, Sadam), ach ar phíosaí mar ‘Taha Tadagh’ tá béim ar spás anála a thabhairt do nótaí seinnte go lúfar seachas ceol a chasadh ar ardluas le deargphaisean.
Más ábhar rince atá uait, tabhair cluas d’fhunc iontach, leachtúil ‘Tahabort’ agus ‘Imarhan’, rianta a d’oirfeadh do sheiteanna eachtrúla dioscmharcaíochta leithéidí Caribou agus Four Tet.
Seo ceol na ngormacha gaineamhlaigh ag ceoltóirí atá chomh heolach céanna ar oidhreacht cheoil Bill Withers agus Marvin Gaye agus atáid ar cheol rai na hAilgéire agus func-cheol Iarthar na hAfraice.
Agus albaim ar chaighdeán Imarhan ag teacht inár dtreo, chaithfeá a rá nach drochrud ar fad ar fad an domhandú cultúrtha.